Teicneolaíochtaí

Nuacht/Imeachtaí

An nuacht is déanaí

Post Date: 25 January 2023


Is cúis áthais d’fhoireann na hEalaíona sa tSraith Shóisearach agus d’fhoireann Theicneolaíochtaí SSM (JCt4), i gcomhar leis an deileadóir Willie Creighton, ceardlanna ‘Get your World Turning’ a thairiscint arís go luath in 2023. Beidh ocht gceardlann ar siúl i gceithre ionad scoile sna seachtainí amach romhainn sna contaetha: Sligeach, Ciarraí, Uíbh Fhailí, agus Port Láirge. Tá na ceardlanna lán anois ach is féidir clárú fós le haghaidh liostaí feithimh ceardlainne. Tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin Ealaíona na Sraithe Sóisearaí, chun tuilleadh sonraí a fháil faoi imeachtaí na ceardlainne, agus chun clárú le haghaidh liosta feithimh ceardlainne.

 

Post Date: 25 January 2023


Tá lúcháir ar fhoireann na hEalaíona sa tSraith Shóisearach agus ar fhoireann Theicneolaíochtaí na Sraithe Sóisearaí, i gcomhar le múinteoir ábhair agus ealaíontóir Teicneolaíochtaí Jim O'Farrell atá ar scor, ceardlann sceitseála roghnach a thairiscint do mhúinteoirí na dteicneolaíochtaí. Tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin Ealaíona na Sraithe Sóisearaí, chun tuilleadh sonraí a fháil faoin gceardlann, agus chun clárú le haghaidh ceann de na ceardlanna SKETCH IT.

 

Post Date: 26 October 2022


Tá ár Nuachtlitreacha an Fhómhair JCt4 do shraith na n-ábhar Teicneolaíochta le fáil lena n-íoslódáil mar PDF ach cliceáil ar na naisc thíos:

               

Post Date: 15 November 2021


Ba mhaith le foireann Teicneolaíochtaí JCt4 buíochas a ghabháil leis na múinteoirí go léir a ghlac páirt in Imeachtaí Foghlama an Fhómhair ar Líne againn le déanaí. Más mian leat féachaint ar thaifeadtaí na n-imeachtaí foghlama ar líne seo agus ar na hábhair thacaíochta a théann leo, is féidir cliceáil ar na naisc thíos. Tá Seimineáir Ghréasáin roimhe seo ar fáil sna háiteanna sin freisin.

Innealtóireacht - Dearadh san Innealtóireacht: Cén áit le Tosú....?

Teicneolaíocht Adhmaid - Teicneolaíocht Adhmaid á cur i nGníomh

Teicneolaíocht Fheidhmeach - Teagasc agus Foghlaim a Fhiosrú ag tús na Bliana Acadúla

Grafaic - Cumarsáid Ghrafach sa Seomra Ranga

Post Date: 15 November 2021


D'fhoilsigh Coimisiún na Scrúduithe Stáit (CSS) scrúdpháipéir shamplacha (leibhéal comónta) do gach ceann de na hábhair Theicneolaíochta Dé hAoine an 22 Deireadh Fómhair. Cuirtear na páipéir shamplacha ar fáil mar threoir ar struchtúr agus ar ábhar an mheasúnaithe de réir shonraíocht an ábhair. Is féidir na páipéir shamplacha seo a fháil ar shuíomh gréasáin CSS trí chliceáil anseo nó trí chliceáil ar an ábhar ábhartha thíos chun teacht ar an scrúdpháipéar samplach faoi seach:

Páipéar Samplach Teicneolaíocht Fheidhmeach

Páipéar Samplach Innealtóireachta

Páipéar Samplach Grafaice

Páipéar Samplach Teicneolaíocht Adhmaid

Post Date: 15 November 2021


D'fhoilsigh Coimisiún na Scrúduithe Stáit na treoracha d’obair chúrsa agus d’ábhair thionscadail don tsraith d’ábhair Theicneolaíochta. Cliceáil ar na hábhair ábhartha thíos chun teacht ar na doiciméid.

Treoracha Dearaidh Obair Chúrsa Theicneolaíocht Adhmaid

Treoracha Obair Chúrsa Theicneolaíocht Feidhmeach

Tionscadal Scoláire na Grafaice

Obair Chúrsa an Tionscadail Innealtóireachta

Post Date: 14 June 2021


Tá bród ar fhoireann Ghrafaice JCt4 i gcomhar le hInstitiúid Ríoga Ailtirí na hÉireann (IRAÉ) iontrálacha na scoláirí a thaispeáint don Taispeántas "An Dea-dhearadh sa Ghnáthshaol".
Tabhair cuairt ar an Taispeántas ag

Post Date: 06 November 2020


Sheol Foireann JCt4 seinnliosta Podchraoltaí le déanaí dar teideal "Fág le hUacht". Tá an seinnliosta seo ar fáil tríd an gcainéal Cainteanna na Sraithe Sóisearaí ar Soundcloud https://soundcloud.com/user-65250337/sets/jct4 agus na gnáthsholáthraithe podchraoltaí go léir. Lean agus cláraigh chun roinnt podchraoltaí uathúla agus suimiúla a chloisteáil. San eipeasóid is deireanaí againn cloistear comhrá leis an nGabha Geal, Dominic Dolan.

Post Date: 21 September 2020


D'fhorbair foireann JCt4 acmhainn phleanála a d'fhéadfadh cabhrú le múinteoirí ar fud shraith na n-ábhar Teicneolaíochta sa tSraith Sóisearach. Forbraíodh an acmhainn seo mar fhreagairt ar aiseolas ó mhúinteoirí le bliain anuas maidir le pleanáil ábhair. Tar éis dóibh aiseolas múinteoirí a ghlacadh ar bord, is cúis lúcháire d’Fhoireann Teicneolaíochtaí JCt4 Pleanálaí Digiteach Excel nua a chur faoi bhur mbráid do gach ceann de na hábhair Theicneolaíochta.

 

Tá teacht ar Phleanálaí Digiteach Excel, bileog eolais a ghabhann leis agus físghabháil scáileáin teagaisc ar ghnéithe úsáideacha, faoi Phleanáil sna hábhair Theicneolaíochtaí

Nuachtlitir Oideachas Teicneolaíochtaí