Teicneolaíochtaí

Teicneolaíocht an Adhmaid - Ceardlanna FGL 2022/2023

Is féidir teacht ar ábhair ghairmiúla fhoghlama agus ar na tacaí ábhartha a cuireadh ar fáil sna ceardlanna FGL a soláthraíodh sa scoilbhliain 2022/2023 sa rannóg seo. Bainfear tuilleadh leasa astu chun tacú le comhghleacaithe i gcomhthéacs scoile agus leo siúd atá ag tabhairt faoin ábhar a mhúineadh den chéad uair nó leo siúd ag filleadh ar an ábhar a theagasc. 

Suíomh Google

Dearadh an suíomh Google seo chun cabhrú le múinteoirí atá ag tabhairt faoi cheardlanna FGL Theicneolaíocht Adhmaid 2022/2023. Gheobhaidh tú anseo na hacmhainní agus na hábhair go léir a theastaíonn chun tabhairt faoi na gníomhaíochtaí.

Cur i láthair

Roinntear cur i láthair PowerPoint FGL ina thrí chuid:

 

Cuid 1 - Pléann múinteoirí deiseanna chun príomhscileanna foghlama a fhorbairt i dTeicneolaíocht Adhmaid.

 

Cuid 2 - Déanann múinteoirí machnamh ar ról an aiseolais éifeachtaigh sa seomra ranga.

 

Cuid 3 - Déanann múinteoirí iniúchadh ar chuir chuige oideolaíocha maidir le teagasc, foghlaim & measúnú i dTeicneolaíocht Adhmaid.

Daniel Gill, Déantóir Troscáin - Turas le hAdhmad

Is acmhainn í seo a chabhraíonn le foghlaim agus le rannpháirtíocht scoláirí i réimsí éagsúla eolaíocht an adhmaid amhail inbhuanaitheacht, foraoiseacht, leagan crann, oiriúnú lomán agus stálú adhmaid. Tá stampa ama ar an bhfíseán chun ligean don bhreathnóir rochtain a fháil ar na codanna seo go héasca agus cuireann na cártaí gníomhaíochta foghlaim níos doimhne agus smaointeoireacht ardoird chun cinn agus iad ag breathnú ar an bhfíseán.

Cineál comhaid: YouTube
Cliceáil ar an íomhá chun seinm
Aonad Foghlama Samplach

D'fhéadfadh an acmhainn shamplach seo cabhrú leat ábhair atá oiriúnach do chomhthéacs scoláirí a phleanáil agus a fhorbairt. Cuireadh béim san aonad foghlama seo ar thionscadal a ullmhú le haghaidh bailchríche agus bailchríoch a chur ar thionscadal. Tá leagan PDF agus leagan ineagarthóireachta Word ar fáil chun cabhrú le tuilleadh gníomhaíochtaí pleanála.