Teicneolaíochtaí

Measúnú - Grafaic

Tá eolas sa chuid seo a bhaineann le measúnú leanúnach ar Ghrafaic na Sraithe Sóisearaí.

 

Trí dhéchur chuige i leith an mheasúnaithe ina ndéantar measúnú rangbhunaithe thar na trí bliana agus scrúdú deiridh atá measúnaithe go seachtrach, deimhnithe ag an stát, is féidir an chothromaíocht chuí a aimsiú idir scoláirí a ullmhú do scrúduithe agus smaointeoireacht chruthaitheach, foghlaim ghníomhach agus torthaí níos fearr a éascú do scoláirí. Tabharfar aitheantas agus meas sa chur chuige seo do na cineálacha éagsúla foghlama a tharlaíonn i scoileanna agus beifear in ann measúnú níos cruinne a dhéanamh ar éachtaí oideachais gach duine óig.

 

Gheobhaidh tú na Treoirlínte do na Measúnuithe Rangbhunaithe sa Ghrafaic sa rannán dar teideal Príomhdhoiciméid.