Teicneolaíochtaí

Teicneolaíocht Fheidhmeach - Ceardlann FGL 2022/2023

Sa rannóg seo tá na hábhair don fhoghlaim ghairmiúil agus na hacmhainní tacaíochta a úsáideadh le linn chnuasach  FGL 2022/2023. Cabhróidh na hábhair agus na hacmhainní tuilleadh le foghlaim ghairmiúil comhghleacaithe ag leibhéal na scoile, agus leis na múinteoirí sin atá ag tosú amach nó ag filleadh ar an Teicneolaíocht Fheidhmeach.

Loga Fhoghlama

Níor mhiste do mhúinteoirí na leaganacha PDF de leabhrán an Loga Fhoghlama a théann leis seo a phriontáil nó a íoslódáil. Forbraíodh an leabhrán seo mar chuid de lá FGL na Teicneolaíochta Feidhmí ar líne in 2022/2023. Nóta: I rith an lae déanfar tagairt don leabhrán tacaíochta seo agus beidh deilbhín sa chúinne ag an mbarr ar thaobh na láimhe deise den sleamhnán ar an scáileán le huimhir an leathanaigh.

Cur i láthair

Tá cur i láthair PowerPoint an FGL roinnte ina thrí chuid:

 

Cuid 1 - Déanann múinteoirí iniúchadh ar fhorbairt eolais, tuisceana agus scileanna trí eispéireas foghlama don Chéad Bhliain le fócas ar Rialú Leictreach. Measann siad úsáid chritéir ratha chun cabhrú leis an bhfoghlaim. Bíonn múinteoirí ag obair freisin le hAcmhainn Chiorcaid Leictreacha mar thaca teagaisc agus foghlama sa Teicneolaíocht Fheidhmeach.

 

Cuid 2 - Déanann múinteoirí iniúchadh ar fhorbairt eolais, tuisceana agus scileanna trí eispéireas foghlama Dara Bliana agus fócas ar Rialú Leictreach. Déanann siad machnamh ar an gcaoi ar féidir le clár ciorcad braiteora cabhrú le foghlaim fhéinstiúrtha agus le forbairt scileanna réitithe fadhbanna agus smaointeoireacht chruthaitheach. Déanann múinteoirí machnamh freisin ar an gcaoi ar féidir leo cabhrú le scoláirí an fhoghlaim a dhoiciméadú agus gníomhú uirthi.

 

Cuid 3 - Déanann múinteoirí iniúchadh ar an gcaoi ar féidir le míreanna measúnaithe cabhrú le cur chuige comhtháite i leith na foghlama sa Teicneolaíocht Fheidhmeach. Measann siad freisin deiseanna chun cabhrú le teagasc agus le foghlaim leanúnach.

Acmhainn na gCiorcad Leictreach

Le linn a lae FGL, téann múinteoirí i mbun gníomhaíochtaí praiticiúla ag baint úsáid as Clár Ciorcad Braiteora agus Acmhainn Chiorcaid Leictreacha Dhigiteacha. D'fhorbair foireann na Teicneolaíochta Feidhmí an acmhainn teagaisc agus foghlama seo mar fhreagairt ar riachtanais na múinteoirí. Dearadh an Cumhachtphointe don acmhainn seo mar chur i láthair idirghníomhach a ligeann duit nascleanúint a dhéanamh chuig codanna éagsúla den chur i láthair trí chliceáil ar na naisc ar gach sleamhnán. Moltar duit an Cumhachtphointe a íoslódáil agus dul i ngleic leis i modh cur i láthair. (Tabhair faoi deara- ní fheidhmíonn roinnt de ghnéithe na hacmhainne má úsáidtear aip an láithreáin ghréasáin).

Comhaid monaraithe do Bhraiteoir CCP

Cliceáil ar an nasc a thaispeántar leis na comhaid a íoslódáil chun Braiteoir Clár Ciorcad Priontáilte (CCP) a mhonarú.

Is comhaid foinse oscailte iad seo agus is féidir le monaróir iad a úsáid chun CCPnna breise a tháirgeadh de réir mar is gá.