Teicneolaíochtaí

Teicneolaíocht Fheidhmeach - Ceardlann FGL 2020/2021

Tá fáilte mhór romhat chuig an Treoir ghairid seo maidir leis na hábhair do Lá FGL Theicneolaíocht Fheidmeach 2020/2021. Tá sé i gceist leis an Treoir seo forléargas a thabhairt ar ábhar, teachtaireachtaí agus pléphointí na n-ábhar FGL agus tú ag plé leo mar dhuine aonair, mar bhall de ghrúpa múinteoirí nó de Roinn Ábhair. Beidh na hábhair ina gcabhair do mhúinteoirí nach raibh in ann freastal ar an gceardlann i dTeicneolaíocht Adhmaid ar a gcnuaslá FGL 2020/2021, do mhúinteoirí nua-cháilithe nó do mhúinteoirí atá ag múineadh Theicneolaíocht Fheidhmeach den chéad uair sa tSraith Shóisearach. Beidh suim ag múinteoirí a d'fhreastail ar an gceardlann FGL ina lá cnuasaigh 2020/2021 agus ar mhaith leo athbhreithniú a dhéanamh ar na hábhair.

 

Cé gur tugadh an cheardlann thar thrí sheisiún ar an gcnuaslá, roinn muid é sin ina dhá rannán níos giorra chun go mbeidh tú in ann plé leo ar líne. Tá forléargas curtha againn (i bhfoirm bhlurba) le gach sraith ábhar, rud a léiríonn croí-inneachar na gCumhachtphointí, físeán nó ábhar eile. Cuideoidh gach forléargas leat a fháil amach cad é atá i gceist leis an rannán nó cén chuid ar mhaith leat athchuairt a thabhairt uirthi san am atá ar fáil duit.

Cineál comhaid: YouTube
Cliceáil ar an íomhá chun seinm
Loga Foghlama agus Acmhainn Mhachnaimh

B'fhéidir gur mhaith le múinteoirí na leaganacha PDF den leabhrán Loga Foghlama agus den Acmhainn Mhachnaimh a ghabhann leis a phriontáil nó a íoslódáil. Forbraíodh na leabhráin seo mar chuid de lá FGL Theicneolaíocht Fheidhmeach ar líne 2020/2021.

 

 

Tabhair do d’aire: Rinne muid gach leathanach a hipearnascadh ionas gur furasta gníomhaíocht áirithe a aimsiú nuair is gá. Déanfar tagairt don leabhrán tacaíochta seo i rith an lae agus beidh deilbhín ar bharr an chúinne ar dheis den sleamhnán ar an scáileán chun uimhir an leathanaigh a léiriú.

Cur i láthair

Mar gheall ar mhéid iomlán an chomhaid Chumhachtphointe, roinneadh an cur i láthair FGL ina dhá chur i láthair ar leith le haghaidh foilsiú ar láithreán gréasáin. I rannán 1 den chur i láthair, rinne múinteoirí iniúchadh ar théama an teagaisc chomhtháite agus na foghlama comhtháite. Tugadh isteach iad freisin san acmhainn fhréamhshamhail rialaithe.

 

 

I rannán 2 den chur i láthair FGL, bhreithnigh múinteoirí téamaí ar nós machnamh a úsáid chun cabhrú le foghlaim agus teagasc agus foghlaim de réir a chéile. Rinne siad iniúchadh ar Threoirlínte do Mheasúnuithe Rangbhunaithe i dTeicneolaíocht Fheidhmeach na Sraithe Sóisearaí agus béim ar MRB 2. Bhreithnigh múinteoirí freisin na deiseanna is fearr leis an bhfoghlaim a chur in iúl i bhformáidí éagsúla.

Acmhainn Fhréamhshamhail Rialaithe

Le linn a lae FGL, ghlac múinteoirí páirt i ngníomhaíochtaí praiticiúla ag baint úsáid as acmhainn fhréamhshamhail rialaithe. D'fhorbair foireann na Teicneolaíochta Feidhmí an acmhainn teagaisc agus foghlama seo mar fhreagra ar riachtanais múinteoirí agus scoláirí. Is é atá san acmhainn seo leabhrán teagaisc, físeán a léiríonn úsáid na hacmhainne agus comhaid DRC foinse oscailte chun ligean do mhúinteoirí a gcuid tacair ranga féin den acmhainn a chruthú.

Cineál comhaid: YouTube
Cliceáil ar an íomhá chun seinm
Bogearraí digiteacha a úsáid chun foghlaim a dhoiciméadú agus a chur in iúl

Sa chuid dheireanach dá lá FGL, rinne múinteoirí iniúchadh ar úsáid bhogearraí digiteacha chun foghlaim a dhoiciméadú agus a chur in iúl. Cé go n-aithnítear gur féidir an fhoghlaim a chur in iúl i bhfoirmeacha éagsúla, lena n-áirítear i bhformáid scríofa, ba é cuspóir na gníomhaíochta seo go ndéanfadh múinteoirí machnamh ar an gcaoi a bhféadfadh scoláirí Onshape,  Yenka  agus  TinkerCad a úsáid go digiteach chun foghlaim sa Teicneolaíocht Fheidhmeach a dhoiciméadú agus a chur in iúl. Dhírigh na pacáistí bogearraí seo ar fhaisnéis a dhoiciméadú agus a chur in iúl, mar shampla líníochtaí oibre agus ciorcaid leictreacha. In aice leis na físeáin seo gheobhaidh tú straitéis a spreagann scoláirí chun scileanna taighde agus cumarsáide a fhorbairt i gcomhthéacs ciorcaid leictreacha. Spreagann sí sin scoláirí chun modhanna taighde bunscoile agus meánscoile a iniúchadh agus foghlaim a chur in iúl trí mheáin éagsúla.

Cineál comhaid: YouTube
Cliceáil ar an íomhá chun seinm
Cineál comhaid: YouTube
Cliceáil ar an íomhá chun seinm
Cineál comhaid: YouTube
Cliceáil ar an íomhá chun seinm