Teicneolaíochtaí

Innealtóireacht - Ceardlanna FGL 2022/2023

Is féidir teacht ar ábhair ghairmiúla fhoghlama agus ar na tacaí ábhartha a cuireadh ar fáil sna ceardlanna FGL a soláthraíodh sa scoilbhliain 2022/2023 sa rannóg seo. Bainfear tuilleadh leasa astu chun tacú le comhghleacaithe i gcomhthéacs scoile agus leo siúd atá ag tabhairt faoin ábhar a mhúineadh den chéad uair nó leo siúd ag filleadh ar an ábhar a theagasc. 

Log Foghlama

Tá an loga foghlama do cheardlann chnuasaigh 2022/2023 ar fáil ar thaobh na láimhe deise den téacs seo.

Beidh ar mhúinteoirí cóip den loga foghlama a íoslódáil roimh an gceardlann. Molaimid do mhúinteoirí an loga foghlama a phriontáil agus nótaí a scríobh de réir mar a théann siad ar aghaidh trí na gníomhaíochtaí. Tá an loga foghlama i bhformáid PDF agus tá naisc úsáideacha ann le doiciméid eile, bileoga gníomhaíochta agus acmhainní eile.

Cur i láthair

Tá Láithreoireachtaí Cumhachtphointe FGL roinnte ina cheithre chuid:

 

 Seisiún 1 (Codanna 1 & 2); Díríonn na cuir i láthair seo ar an 'Meon Innealtóireachta’ a fhorbairt trí dhúshlán dearaidh meicitreonaice. Déanaimid iniúchadh freisin ar an gcaoi ar féidir tacú le piarmheasúnú agus le féinmheasúnú trí theicneolaíocht CAD/CAM (Dearadh & Déantúsaíocht Ríomhchuidithe) a úsáid sa phróiseas marcála amach.

 

Seisiún 2: Tugann an cur i láthair seo deiseanna do mhúinteoirí iniúchadh a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir critéir ratha a úsáid go héifeachtach chun cabhrú le foghlaim na scoláirí in Innealtóireacht na Sraithe Sóisearaí.

 

Seisiún 3: Sa chur i láthair seo, cuirtear muid i mbun dúshlán dearaidh meicitreonaice eile. Tugaimid athchuairt agus pléimid forléargas ar an tsraith acmhainní atá ann cheana féin a chruthaigh SSM a bhaineann le meicitreonaic.

 

Aonad Foghlama Samplach agus Acmhainní do Scoláirí

Baineadh úsáid as an aonad foghlama agus as na bileoga acmhainne ar dheis mar chuid de sheisiúin Innealtóireachta FGL 2022-2023. Rinneadh plé i measc múinteoirí a dhírigh ar an gcaoi a bhféadfadh an múinteoir an t-aonad foghlama seo a fhorbairt ag cuimhneamh ar a scoláirí agus ar chomhthéacs a scoile. D'fhéadfadh an acmhainn shamplach seo cabhrú leat ábhair a phleanáil agus a fhorbairt atá oiriúnach do chomhthéacs do scoláirí féin. Bhí fócas an aonaid fhoghlama seo ar chruinneas maidir le marcáil amach agus ar theicnící chun bailchríoch ar ardchaighdeán a bhaint amach.

Leabhrán Acmhainní JCt4 Meicitreonaice

Faightear i Leabhrán Acmhainní Meicitreonaice JCt4 acmhainní a d'fhorbair an fhoireann Innealtóireachta chun cabhrú le múinteoirí úsáid a bhaint as bogearraí i gcórais rialaithe. Tá naisc úsáideacha ann le físeáin céim ar chéim agus acmhainní eile chun cabhrú leat dul i ngleic le córais rialaithe. Is féidir teacht ar na físeáin seo trí na cóid MF a scanadh de réir mar a bhíonn siad le feiceáil sa leabhrán nó trí chliceáil ar an téacs hipearnasctha.