Tá an Cur i Láthair Cumhachtphointe FGL roinnte ina thrí chuid:
Cuid 1: Díríonn an chuid seo den chur i láthair ar iniúchadh a dhéanamh ar ról chomhpháirteanna an mheasúnaithe dheiridh i dTeicneolaíocht Adhmaid, le béim ar leith ar an scrúdpháipéar scríofa samplach a d'fhoilsigh Coimisiún na Scrúduithe Stáit (CSS) i mí Dheireadh Fómhair 2021. Ghlac múinteoirí páirt i roinnt plé ar an gcaoi a gcabhraíonn measúnú le contanam na foghlama i dTeicneolaíocht Adhmaid.
Cuid 2: Bhí deis ag múinteoirí plé agus machnamh a dhéanamh ar a dtaithí ar phróiseas an AFMÁ i dTeicneolaíocht Adhmaid. Bhí deis ag múinteoirí freisin iniúchadh a dhéanamh ar roinnt de shamplaí CNCM de shaothar scoláirí, go háirithe Measúnú Rangbhunaithe 1: Eolaíocht Adhmaid inár dTimpeallacht, atá ar fáil ar www.curriculumonline.ie.
Cuid 3: Díríonn an chuid seo den chur i láthair ar iniúchadh a dhéanamh ar an bpróiseas cruthaitheach i dTeicneolaíocht Adhmaid. Arís eile, phléigh múinteoirí ról chomhpháirteanna an mheasúnaithe dheiridh i dTeicneolaíocht Adhmaid, an uair seo le béim ar leith ar na Coimrí Dearaidh Tionscadail do 2022. Ghlac múinteoirí páirt i roinnt plé ar an gcaoi a raibh an cur chuige a leagtar amach sa phíosa measúnaithe seo ag teacht le teagasc, foghlaim agus measúnú ina seomraí ranga. Thug an plé deis do mhúinteoirí a gcuid léargas, straitéisí teagaisc agus cleachtais oideolaíocha féin a roinnt lena chéile ó thús go deireadh an tseisiúin.