Teicneolaíochtaí

Measúnú - Innealtóireacht

Tá eolas sa rannán seo a bhaineann le measúnú leanúnach ar Innealtóireacht na Sraithe Sóisearaí.

 

Trí dhéchur chuige i leith an mheasúnaithe, ina mbíonn measúnú rangbhunaithe thar na trí bliana agus scrúdú deiridh stát-teistithe a mheastar go seachtrach, is féidir an chothromaíocht chuí a aimsiú idir scoláirí a ullmhú do scrúduithe agus smaointeoireacht chruthaitheach, foghlaim ghníomhach agus torthaí níos fearr a éascú do scoláirí. Tríd an gcur chuige sin tabharfar an t-aitheantas agus an luach cuí do na cineálacha éagsúla foghlama a tharlaíonn i scoileanna agus beifear in ann measúnú níos cruinne a dhéanamh ar éachtaí oideachais gach duine óig. 

 

Gheobhaidh tú na Treoirlínte do na Measúnuithe Rangbhunaithe san Innealtóireacht i rannán na bPríomhdhoiciméad.