Teicneolaíochtaí

Teicneolaíocht an Adhmaid - Ceardlanna FGL 2020/2021

Tá fáilte mhór romhat chuig an Treoir ghairid seo maidir leis na hábhair do Lá FGL Theicneolaíocht Adhmaid 2020/2021. Tá sé i gceist leis an Treoir seo forléargas a thabhairt ar ábhar, teachtaireachtaí agus pléphointí na n-ábhar FGL agus tú ag plé leo mar dhuine aonair, mar bhall de ghrúpa múinteoirí nó de Roinn Ábhair. Beidh na hábhair ina gcabhair do mhúinteoirí nach raibh in ann freastal ar an gceardlann i dTeicneolaíocht Adhmaid ar a gcnuaslá FGL 2020/2021, do mhúinteoirí nua-cháilithe nó do mhúinteoirí atá ag múineadh Theicneolaíocht Adhmaid den chéad uair sa tSraith Shóisearach. Beidh suim ag múinteoirí a d'fhreastail ar an gceardlann FGL ina lá cnuasaigh 2020/2021 agus ar mhaith leo athbhreithniú a dhéanamh ar na hábhair.

 

Cé gur tugadh an cheardlann thar thrí sheisiún ar an gcnuaslá, roinn muid é sin ina dhá rannán níos giorra chun go mbeidh tú in ann plé leo ar líne. Tá forléargas curtha againn (i bhfoirm bhlurba) le gach sraith ábhar, rud a léiríonn croí-inneachar na gCumhachtphointí, físeán nó ábhar eile. Cuideoidh gach forléargas leat a fháil amach cad é atá i gceist leis an rannán nó cén chuid ar mhaith leat athchuairt a thabhairt uirthi san am atá ar fáil duit.

Cineál comhaid: YouTube
Cliceáil ar an íomhá chun seinm
Loga Foghlama

Is féidir le múinteoirí leagan digiteach den loga foghlama a úsáideadh i gcomhar leis an gceardlann FGL a íoslódáil. B'fhéidir gur mhaith le múinteoirí cóip chrua den loga foghlama a phriontáil freisin.

 

Tá an loga foghlama i bhformáid pdf agus tá naisc úsáideacha ann le doiciméid, acmhainní agus físeáin eile. Ar an gcúis sin, moltar duit an leagan digiteach in-íoslódáilte a úsáid.

Cur i láthair

Tá an Cur i Láthair Cumhachtphointe FGL roinnte ina dhá rannán:

 

Rannán 1: Díríonn an chuid seo den chur i láthair ar chur chuige comhtháite i leith theagasc agus fhoghlaim an ábhair. Ghlac múinteoirí páirt i roinnt tascanna dearaidh agus bhí deis acu an tionchar a aithint a bhíonn ag pleanáil tascanna ar eispéireas an fhoghlaimeora. Rinne siad machnamh freisin ar an ról a bhíonn ag sceitseáil agus iad ag iniúchadh smaointe dearaidh.

 

Rannán 2: Bhí deis ag múinteoirí ról an mhachnaimh i dTeicneolaíocht Adhmaid a phlé agus a thuiscint. Bhreithnigh siad straitéisí a chabhraíonn le scoláirí le linn dóibh a bheith ag machnamh ar an bhfoghlaim. Bhí deis ag múinteoirí freisin struchtúr MRB 2 a fhiosrú – Féinanailís agus measúnú scoláirí.

Mo Thuras Forbairt Scileanna sa Teicneolaíocht Adhmaid

Forbraíodh an acmhainn seo mar shampla de chur chuige amháin a d'fhéadfadh scoláirí a úsáid chun machnamh a dhéanamh ar dhul chun cinn a gcuid scileanna i dTeicneolaíocht Adhmaid. Spreagann an acmhainn an scoláire chun machnamh a dhéanamh ar a gcuid scileanna ar bhonn leanúnach i rith na chéad bhliana agus an dara bliain. Cuireadh eolas faoin acmhainn i láthair agus pléadh é le múinteoirí i seisiún tráthnóna FGL 2020/2021. Féach sleamhnáin 8 go 21 de Chur i Láthair FGL 2 thuas. Tabhair do d’aire: Níl san acmhainn seo ach sampla amháin agus rinne múinteoirí breithniú agus plé ar chuir chuige eile chun léargas a fháil ar mhachnamh na scoláirí.