Teicneolaíochtaí

Measúnú - Teicneolaíocht Ábhair (Adhmad)

Tá eolas sa rannán seo a bhaineann le measúnú leanúnach ar Teicneolaíocht an Adhmaid na Sraithe Sóisearaí.

 

Tríd an déchur chuige i leith an mheasúnaithe, ina mbíonn measúnú rangbhunaithe thar na trí bliana agus scrúdú deiridh a mheastar go seachtrach, agus atá stát-teistithe, is féidir an chothromaíocht chuí a aimsiú idir scoláirí a ullmhú i gcomhair scrúduithe agus smaointeoireacht chruthaitheach, foghlaim ghníomhach agus torthaí níos fearr a chur ar fáil do scoláirí. Tríd an gcur chuige sin tabharfar aitheantas agus meas do na cineálacha éagsúla foghlama a tharlaíonn i scoileanna agus beifear in ann measúnú níos cruinne a dhéanamh ar éachtaí oideachais gach duine óig.

 

Gheobhaidh tú na Treoirlínte do na Measúnuithe Rangbhunaithe sa Teicneolaíocht an Adhmaid sa rannán ar na Príomhdhoiciméid.