Gaeilge

Ceardlann FGL 2022/2023

Ceardlann FGL Oide 2022/2023

Téacs, Teachtaireacht & Teanga

Is féidir teacht ar ábhair ghairmiúla fhoghlama agus ar na tacaí ábhartha a cuireadh ar fáil sna ceardlanna FGL a soláthraíodh sa scoilbhliain 2022/2023 sa rannóg seo. Bainfear tuilleadh leasa astu chun tacú le comhghleacaithe i gcomhthéacs scoile agus leo siúd atá ag tabhairt faoin ábhar a mhúineadh den chéad uair nó leo siúd ag filleadh ar an ábhar a theagasc. 

Seisiún 1

Beimid ag cur lenár dtuiscint sa seisiún seo ar an treoir a léirítear sa tSonraíocht chun tacú le scoláirí a gcumas agus a muinín sa Ghaeilge a fhorbairt, a bhuanú agus a shaibhriú. Déantar na litearthachtaí éagsúla a chíoradh trí mheán na hamhránaíochta agus trí mheán na filíochta. Dírítear ar cheithre fhócas i gcomhtháthú na litríochta.

Seisiún 2

Sa seisiún seo, beimid ag cur lenár dtuiscint ar leas a bhaint na ceithre fhócas ar an litríocht chun pleanáil don fhoghlaim ar sheánra na drámaíochta agus don fhorbairt teanga tríd na drámaí. Déantar léiriú praiticiúil ar fhorbairt na scileanna teanga trí mheán na drámaíochta. Leagtar béim ar dheiseanna chun na litearthachtaí ar fad a fhorbairt trí mheán na drámaíochta.

Seisiún 3

Sa seisiún seo, beimid ag cur lenár dtuiscint ar leas a bhaint as na ceithre fhócas ar an litríocht chun pleanáil don fhoghlaim ar sheánra na gearrscannánaíochta agus don fhorbairt teanga tríd na gearrscannáin. Déantar léiriú praiticiúil ar fhorbairt na scileanna teanga trí sheánra litríochta taitneamhach a sholáthar don chéad bhliain. Tugtar cur síos ar ghearrscannánaíocht ag feidhmiú mar bhunchloch na litríochta sa tSraith Shóisearach.

Téacs, Teachtaireacht & Teanga

Is féidir teacht ar ábhair ghairmiúla fhoghlama agus ar na tacaí ábhartha a cuireadh ar fáil sna ceardlanna FGL a soláthraíodh sa scoilbhliain 2022/2023 sa rannóg seo. Bainfear tuilleadh leasa astu chun tacú le comhghleacaithe i gcomhthéacs scoile agus leo siúd atá ag tabhairt faoin ábhar a mhúineadh den chéad uair nó leo siúd ag filleadh ar an ábhar a theagasc. 

Seisiún 1

Beimid ag cur lenár dtuiscint sa seisiún seo ar an treoir a léirítear sa tSonraíocht chun tacú le scoláirí a gcumas agus a muinín sa Ghaeilge a fhorbairt, a bhuanú agus a shaibhriú. Déantar na litearthachtaí éagsúla a chíoradh trí mheán na hamhránaíochta agus trí mheán na filíochta. Dirítear ar cheithre fhócas i gcomhtháthú na litríochta.

Seisiún 2

Sa seisiún seo, beimid ag cur lenár dtuiscint ar leas a bhaint na ceithre fhócas ar an litríocht chun pleanáil don fhoghlaim ar sheánra na drámaíochta agus don fhorbairt teanga tríd na drámaí. Déantar léiriú praiticiúil ar fhorbairt na scileanna teanga trí mheán na gearrscannánaíochta. Leagtar béim ar dheiseanna chun na litearthachtaí ar fad a fhorbairt trí mheán na drámaíochta.