Nuatheangacha Iasachta

Ceardlann FGL 2022/2023

Is féidir teacht ar ábhair ghairmiúla fhoghlama agus ar na tacaí ábhartha a cuireadh ar fáil sna ceardlanna FGL a soláthraíodh sa scoilbhliain 2022/2023 sa rannóg seo. Bainfear tuilleadh leasa astu chun tacú le comhghleacaithe i gcomhthéacs scoile agus leo siúd atá ag tabhairt faoin ábhar a mhúineadh den chéad uair nó leo siúd ag filleadh ar an ábhar a theagasc. 

Leabhrán

Is uirlis roghnach é an leabhrán machnaimh idirghníomhach atá deartha chun cabhrú le múinteoirí a gcuid smaointe agus foghlama a eagrú thar na trí sheisiún agus le linn dóibh a bheith ag obair lena roinn NTI.

Seisiún Fáiltithe

Socraíonn an seisiún fáiltithe an téama agus na hintinní foghlama don lá cnuasaigh.

Tugtar breac-chuntas sa ghrafaic faisnéise seo ar thacaí a cuireadh ar fáil do Nuatheangacha Iasachta na Sraithe Sóisearaí ó 2016.

Fócas ar Chumarsáid

Déantar iniúchadh sa seisiún seo ar an gcaoi ar féidir an cur chuige cumarsáideach a fhorbairt chun cabhrú le scoláirí na Nuatheangacha Iasachta cumarsáid a dhéanamh le níos mó neamhspleáchais, muiníne agus cruthaitheachta.

Scrúdaíonn an seisiún seacht ngné den chur chuige cumarsáideach agus déantar iniúchadh ar ghníomhaíochtaí agus ar thascanna ranga ó thaobh cumarsáide de san fhíorshaol.

Déantar iniúchadh sa ghrafaic faisnéise seo ar sheacht ngné den chur chuige cumarsáideach chun cabhrú le scoláirí cumarsáid a dhéanamh le níos mó neamhspleáchais, muiníne agus cruthaitheachta.

Déanann na Padlets seo iniúchadh ar ghníomhaíochtaí agus tascanna sa seomra ranga chun scrúdú a dhéanamh ar an gcaoi a gcabhraíonn an cur chuige cumarsáideach ina mbíonn fócas ar chumarsáid san fhíorshaol le scoláirí cumarsáid a dhéanamh le níos mó neamhspleáchais, muiníne agus cruthaitheachta sa teanga iasachta nua-aimseartha a roghnaigh siad.

Cuimsiú sa Seomra NTI

Déantar iniúchadh sa seisiún seo ar an gcaoi chun pleanáil i gcomhair ionchuimsitheachta i seomra na Nuatheangacha Iasachta trí eispéiris foghlama a fhorbairt a dhéanann scafláil le haghaidh rochtana agus dúshláin do gach scoláire.

Déanann na ceithre Padlet iniúchadh ar phleanáil sa seomra ranga i ngach ceann de na ceithre theanga chun cabhrú le gach scoláire teacht ar an bhfoghlaim iad féin agus mothú go bhfuil a ndúshlán a thabhairt ina gcuid foghlama freisin.

Déanann an acmhainn idirghníomhach, dhigiteach seo iniúchadh ar straitéisí teagaisc agus foghlama a thacaíonn le rochtain agus a thugann dúshlán i seomra na Nuatheangacha Iasachta.

Cabhraíonn na trí acmhainn seo le scoláirí a chur san áireamh atá ag leanúint Chláir Foghlama Leibhéal 2 (CFL2nna) i seomraí NTI. Déantar iniúchadh sa Padlet ar eispéireas foghlama atá deartha chun scoláirí a chur san áireamh atá ag plé le foghlaim ag leibhéal 2 agus ag leibhéal 3. Moltar naisc áirithe sa nascdhoiciméad idir torthaí foghlama Aonaid Tosaíochta Foghlama (ATFanna) ag leibhéal 2 agus torthaí foghlama in NTI ag leibhéal 3. Cabhróidh póstaer thorthaí foghlama ATFanna le múinteoirí NTI naisc idir torthaí foghlama ATFanna ag leibhéal 2 agus torthaí foghlama NTI ag leibhéal 3 a iniúchadh.

Scoláirí a Fhorbairt mar Fhoghlaimeoirí Neamhspleácha

Déantar iniúchadh sa seisiún seo ar uirlisí agus ar straitéisí chun cabhrú le forbairt na scoláirí mar fhoghlaimeoirí atá ag éirí níos neamhspleáiche i rith a gcuid fhoghlama i Nuatheangacha Iasachta na Sraithe Sóisearaí.

Cabhraíonn an ceithre Padlet le múinteoirí scrúdú a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfaí critéir ratha a úsáid chun cabhrú le piarmheasúnú agus le féinmheasúnú.

Déantar iniúchadh sa dá acmhainn seo ar an gcaoi a bhféadfaí cabhrú le scoláirí aiseolas a chur i bhfeidhm lena gcuid foghlama a chur chun cinn.

Cabhraíonn an uirlis dhigiteach idirghníomhach seo le múinteoirí cumas na scoláirí a fhorbairt chun machnamh agus breithniú a dhéanamh ar an méid atá ag tarlú ina gcuid foghlama faoi láthair agus chun bonn eolais a chur faoin ndul chun cinn amach anseo.

Déantar iniúchadh sa ghrafaic faisnéise seo ar an gcaoi ar féidir le Punann Teanga na Scoláirí cabhrú le foghlaim na scoláirí le linn a dtréimhse foghlama trí bliana sna Nuatheangacha Iasachta ag an tSraith Shóisearach.