Mata

Ceardlann FGL 2020/2021


Seo thíos na sleamhnáin den chur i láthair agus na hacmhainní gaolmhara do cheardlann Lá FGL Ábhair 2020/2021.

Tugtar treoir agus forléargas ar na teachtaireachtaí agus na pointí plé i bhfoirm físeáin ghairid  ag tús an rannóg.

 

Cineál comhaid: YouTube
Cliceáil ar an íomhá chun seinm
Leabhrán & Padlet Acmhainní

B'fhéidir gur mhaith le múinteoirí an leabhrán a ghabhann leis a phriontáil nó a íoslódáil roimh an imeacht FGL cnuasaigh ar líne.Tá dhá leagan den leabhrán curtha ar fáil san alt seo.

Le haghaidh cóip chrua den leabhrán moltar an leagan PDF den leabhrán a phriontáil.
 
Le haghaidh cóip dhigiteach den leabhrán moltar an leagan Word den leabhrán a íoslódáil.

Seisiún Maidine

I seisiún na maidine scrúdófar míreanna measúnaithe trí lionsa na mbriathra gnímh agus na dtorthaí foghlama. Iarrfar ar mhúinteoirí freisin machnamh a dhéanamh ar an gcaoi a n-úsáidfeadh siad féin rogha míreanna measúnaithe go foirmitheach agus go suimitheach i gcomhthéacs an tseomra ranga.

Sula gcuirfear tús le Cur i Láthair Sheisiún na Maidine b’fhiú an Padlet Acmhainní a oscailt. Is féidir é sin a dhéanamh trí chliceáil ar an gcnaipe 'Cliceáil le breathnú.

Is féidir na hacmhainní a bhreathnú nó a íoslódáil go díreach ón Padlet.

Cineál comhaid: YouTube
Cliceáil ar an íomhá chun seinm
Seisiún Méan Lae

Breithnítear i seisiún Lár na Maidine cur chuige múinteora amháin maidir le measúnú, teagasc agus foghlaim a chomhtháthú. Tugtar breac-chuntas sa seisiún freisin ar an gcaoi ar féidir CODAP a úsáid chun tabhairt faoi shonraí ón bhfíorshaol.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi CODAP is féidir cuairt a thabhairt ar an rannán acmhainní ar ár láithreán gréasáin.

Sula gcuirfear tús le Cur i Láthair Sheisiún Lár na Maidine b’fhiú an Padlet Acmhainní a oscailt. Is féidir é sin a dhéanamh trí chliceáil ar an gcnaipe 'Cliceáil le breathnú'.

Is féidir na hacmhainní a bhreathnú nó a íoslódáil go díreach ón Padlet.

Cineál comhaid: YouTube
Cliceáil ar an íomhá chun seinm
Cineál comhaid: YouTube
Cliceáil ar an íomhá chun seinm
Measúnú Rangbhunaithe

Sa chuid seo gheobhaidh tú ábhair agus acmhainní FGL féintreoraithe a chabhraíonn le múinteoirí a bhfuil a gcuid scoláirí ag plé le Measúnú Rangbhunaithe.

Oscail gach acmhainn leis an gcnaipe 'Cliceáil le breathnú’ agus lean na treoirlínte chun tabhairt faoin ábhar a chuirtear ar fáil.

Roghanna le haghaidh seisiún na hiarnóna

Don seisiún tráthnóna den ócáid FGL ar líne, beidh am ag múinteoirí dul i ngleic le ceann de na roghanna seo a leanas:

Cur Ceisteanna agus Cruthú Fadhbanna sa Mhatamaitic​
CFL2nna agus Oideachas Cuimsitheach sa Mhatamaitic
Pleanáil do Theagasc, Foghlaim & Measúnú sa Mhatamaitic


Tá gach rogha deartha lena húsáid ag múinteoirí ina n-aonar nó mar roinn ábhair. Is féidir le múinteoirí filleadh ar an leathanach seo ag am ar bith chun rochtain a fháil ar na roghanna go léir agus ar a n-acmhainní gaolmhara.
Cliceáil ar gach barra teidil chun acmhainní a fheiceáil.

  • Cur Ceisteanna agus Cruthú Fadhbanna sa Mhatamaitic​ arrow_drop_down

    Is píosa idirghníomhach féintreoraithe FGL é Cabhrú le Scoláirí a gCumas a Fhorbairt Ceisteanna a Chur agus Fadhbanna a Cheapadh i Matamaitic na Sraithe Sóisearaí. Dearadh an FGL seo chun deis a thabhairt do mhúinteoirí matamaitice sa tsraith shóisearach machnamh a dhéanamh ar conas is féidir leo cur ar chumas na scoláirí a gcumas ceistithe a fhorbairt.

    Tá sé i gceist go gcríochnófaí an FGL seo laistigh de 45 nóiméad.

    Tá dhá leagan den leabhrán curtha ar fáil don rogha seo.

    Le haghaidh cóip chrua den leabhrán moltar an leagan PDF den leabhrán a phriontáil.

    Le haghaidh cóip dhigiteach den leabhrán moltar an leagan Word den leabhrán a íoslódáil.

    Tá trí chuid ag an acmhainn seo.

    Breithníonn an chéad chuid na buntáistí a bhaineann le ceapadh ceiseanna agus foirmliú fadhbanna a fhí isteach sa chleachtas oideolaíoch.

    Sa dara rannóg iarrtar ar mhúinteoirí tabhairt faoi straitéisí seomra ranga chun cumas scoláirí a fhorbairt i leith ceapadh fadhbanna agus ceisteanna matamaiticiúla.

    Sa tríú cuid meastar bealaí chun cabhrú le scoláirí agus ráitis faidhbe á sainiú acu mar chuid d'Imscrúdú Matamaiticiúil (MRB 1).

    Chun teacht ar gach rannán ón leathanach seo bain úsáid as an gcnaipe 'Cliceáil chun amharc'.

    Ag deireadh gach rannáin tá hipearnasc ann a osclaíonn an chéad chuid eile ón bhfoirm seachas filleadh ar ais ar an leathanach seo.

  • CFL2nna agus Oideachas Cuimsitheach sa Mhatamaitic arrow_drop_down

    Fáilte chuig an FGL féinstiúrtha seo ar Chláir Foghlama Leibhéal 2 (CFL2nna) agus oideachas ionchuimsitheach i Matamaitic na Sraithe Sóisearaí. 

    Tá ceithre chuid ag an acmhainn seo. Sa chéad chuid tugtar deis duit machnamh a dhéanamh ar roinnt cleachtais ionchuimsitheacha a d'úsáid tú chun an curaclam a dhéanamh níos inrochtana do scoláirí a bhfuil riachtanais oideachais speisialta acu agus chun foghlaim faoi struchtúr agus faoi ghnéithe CFL2nna.

    Breathnaítear i roinn 2 ar roinnt de na ceisteanna coitianta a chuirtear maidir le CFL2nna trí thráth na gceist idirghníomhach.

    Tugann roinn a trí deis scrúdú a dhéanamh ar aonad foghlama atá deartha le haghaidh cur chuige ionchuimsitheach maidir le torthaí foghlama a cheangal ó ATFanna Leibhéal 2 agus ó Shonraíocht Mhatamaiticiúil Leibhéal 3, agus chun tasc staitisticí a iniúchadh atá ag teacht leis an bpríomhfhoghlaim, measúnú leanúnach agus fianaise ar fhoghlaim leagtha amach san aonad.

    I roinn a ceathair tugtar isteach na prionsabail maidir le Dearadh Uilíoch um Fhoghlaim (UDL) agus tá tuilleadh acmhainní ar UDL mionsonraithe.

    Is thart ar 45 nóiméad an t-am a ghlacfaidh sé na ceithre chuid den FGL féinstiúrtha seo a dhéanamh.

    Níl aon sonraí pearsanta ná freagraí pearsanta á dtaifeadadh ná á mbailiú ag an tSraith Shóisearach do Mhúinteoirí.

    Sula dtosóidh tú, oscail nó íoslódáil an leabhrán a ghabhann leis an FGL féinstiúrtha seo.

    Acmhainní don Aonad Foghlama

    Tá na hacmhainní thíos le feiceáil i Roinn a trí den FGL féinstiúrtha CFL2nna agus Oideachas Ionchuimsitheach i Matamaitic na Sraithe Sóisearaí.

    Tugann na hacmhainní seo deis scrúdú a dhéanamh ar aonad foghlama a chuimsíonn torthaí foghlama do chláir Leibhéal 2 agus Leibhéal 3 araon agus chun scrúdú a dhéanamh ar thasc staitisticí atá ailínithe leis an bpríomhfhoghlaim, measúnú leanúnach agus fianaise ar fhoghlaim leagtha amach san aonad.

    Tá an tasc atá le feiceáil anseo curtha in oiriúint le caoinchead Fhoireann CFL1 / CFL2 SSM.

    Tuilleadh Acmhainní

    Is iad na hacmhainní atá le fáil anseo ná na hacmhainní atá le feiceáil i Roinn a ceathair den FGL féinstiúrtha 'CFL2nna agus Oideachas Ionchuimsitheach i Matamaitic na Sraithe Sóisearaí'.

    Is scarbhileog in-íoslódáilte é Measúnú ATF na CFL2nna. Is féidir tuilleadh acmhainní do CFL2nna a fháil anseo.

  • Pleanáil do Theagasc, Foghlaim & Measúnú sa Mhatamaitic arrow_drop_down

    Is é an teideal atá ar an FGL idirghníomhach fhéintreoraithe seo Pleanáil don Teagasc, don Fhoghlaim agus don Mheasúnú. Tabharfaidh sí deis duit a bhreithniú conas is féidir le plean do scoile cabhrú le scoláirí taithí a fháil ar an matamaitic mar chorpas smaointe nasctha.


    Is féidir í a úsáid ar bhonn aonair nó mar roinn ábhair. Níl sé i gceist go mbeadh na cuir chuige, na smaointe agus na coincheapa a chuirtear i láthair críochnúil, agus d'fhéadfadh múinteoirí sraith smaointe difriúla a chruthú nó cuir chuige mhalartacha a thriail. D'fhéadfadh siad a bheith tairbheach nuair a bhreithneofar cur chuige do scoile i leith na pleanála.


    Meastar go gcuirfear i gcrích príomhchuid an FGL idirghníomhach seo laistigh d’uair go leith.

     

    Leabhrán Pleanáil Idirghníomhach
    Físeán Naisc Mhata

    Is doiciméad Word in-íoslódáilte é an acmhainn seo a bheidh de dhíth ort le dul i ngleic leis an FGL fhéintreoraithe seo don Teagasc, don Fhoghlaim agus don Mheasúnú.

    Bain úsáid as an gcnaipe 'Cliceáil chun amharc nó íoslódáil' chun do chóip féin a fháil den acmhainn seo.

    Is iad seo croíchodanna na cáipéise seo:

    • Iniúchadh ar Choincheapa agus ar Smaointe i Matamaitic na Sraithe Sóisearaí
    • Pleanáil le Coincheapa agus Smaointe i Matamaitic na Sraithe Sóisearaí
    • Pleanáil - Na Chéad Chéimeanna eile dár Roinn

    Is ó "Youcubed" ag Stanford é an físeán atá le fáil anseo. Is é an príomhchuspóir atá acu múinteoirí matamaitice a spreagadh, a oiliúint agus a chumhachtú, agus an taighde is déanaí ar fhoghlaim mhatamaiticiúil a athrú ina fhoirmeacha inrochtana agus praiticiúla.

    Tá an físeán seo le feiceáil mar chuid den rannán Coincheapa agus Naisc den leabhrán idirghníomhach den FGL fhéintreoraithe seo.

    YouTube
    Cliceáil ar an íomhá chun seinm
    Teimpléad Plean Bliana le Leideanna
    Aonaid Foghlama le Leideanna

    Is féidir an teimpléad atá le fáil anseo a úsáid chun forléargas ar mhatamaitic na chéad bhliana i do scoil a mhapáil.

    Tá leidcheisteanna ann ar féidir iad a úsáid chun cabhrú leis an gcaoi a smaoiníonn tú ar do phleananna agus / nó plé a dhéanamh orthu de réir mar a fhorbraíonn siad. Thiocfadh leis na leidcheisteanna seo cabhrú leat freisin san athbhreithniú leanúnach ar do phleananna.

    Bheadh an acmhainn atá le fáil anseo úsáideach agus tú ag cruthú nó ag athbhreithniú Aonaid Foghlama.

    Tá leidcheisteanna ann ar féidir iad a úsáid chun cabhrú leis an gcaoi a smaoiníonn tú ar d'aonaid foghlama agus / nó plé a dhéanamh orthu de réir mar a fhorbraíonn siad. Thiocfadh leis na leidcheisteanna cabhrú leat freisin leis an athbhreithniú leanúnach ar d’aonaid foghlama.