Staidéar Gnó

Ceardlann FGL 2022/2023

Acmhainní Cnuaslá FGL 2022/23 - Réamhrá

Sa chuid seo tá forléargas ar na hacmhainní a bhaineann le FGL ar líne 2022/23 lena n-áirítear an Cur i láthair, an Nascdhoiciméad Tacaíochta agus an Leabhrán Acmhainní.  Is féidir le múinteoirí an leabhrán acmhainní a phriontáil nó a íoslódáil sula dtabharfaidh siad faoin FGL. Cuirtear dhá leagan den leabhrán (PDF agus Word) ar fáil sa chuid seo. Le haghaidh cóip chrua den leabhrán moltar an leagan PDF den leabhrán a phriontáil. Le haghaidh cóip dhigiteach den leabhrán moltar an leagan ineagarthóireachta (Word) den leabhrán a íoslódáil.

Seisiún 1 - An Pobal Foghlaim Ghairmiúil Againn

Sa chuid seo gheobhaidh tú roinnt acmhainní FGL a thacaíonn le ranna ábhair an Staidéir Ghnó agus iad ag tabhairt faoi athbhreithniú comhoibríoch agus forbairt a gcleachtais. Tá teimpléad ineagarthóireachta anailís LLDB ann, chomh maith le Limistéar Fócais samplach - "A Bheith Cruthaitheach" agus teimpléad bán ineagarthóireachta Limistéar Fócais is féidir a íoslódáil agus a úsáid chun cabhrú le forbairt phleanáil na roinne ábhair.

Seisiún 2 (a) Cabhrú le Scoláirí atá ag Leanúint Chlár Foghlama Leibhéal 2.

Sa chuid seo gheobhaidh tú dhá acmhainn a chabhróidh le múinteoirí (agus ranna ábhair) agus iad ag smaoineamh ar na deiseanna chun cabhrú le scoláirí atá ag leanúint Chlár Foghlama Leibhéal a Dó (CFL2) i seomra an Staidéir Ghnó. Tá sampla ann d’acmhainn "Aonad Foghlama a Fhorbairt" agus 'thinglink' idirghníomhach ar féidir tabhairt faoi chun eolas breise a chur ar fáil.

Seisiún 2 (b) Eolas, Tuiscint, Scileanna & Luachanna a Thógáil - Toradh Foghlama 2.13.

Tá acmhainní sa chuid seo a bhaineann le Cuntais Deiridh i gcomhair toradh foghlama 2.13 a bhaineann go háirithe le fiontraíocht. Tá gearrthóg físe ann ina sonraítear machnamh múinteora amháin ar thoradh foghlama 2.13, acmhainn shamplach a dhíríonn ar úsáid briathra gnímh chun cabhrú leis an bhfoghlaim, teagasc agus measúnú, teimpléad ineagarthóireachta Ceathramhán Ceiste agus Ráiteas Ioncaim gaolmhar (píosa a bheas ina spreagadh).

Cineál comhaid: YouTube
Cliceáil ar an íomhá chun seinm
Seisiún 3 - Pleanáil don Fhoghlaim, Teagasc & Measúnú Agus Ar nGeilleagar

Tá roinnt acmhainní sa chuid seo a chabhraíonn le múinteoirí eispéiris foghlaimeoirí a phleanáil ionas go mbeidh an eacnamaíocht níos inrochtana i seomra an Staidéir Ghnó. Tá dhá fhíseán ann, ceann amháin ina sonraítear eispéireas samplach foghlaimeora agus ceann eile a thaispeánann cleachtas samplach sa seomra ranga. Tá dhá acmhainn tacaíochta ann freisin lena n-áirítear póstaer PDF "Graif a Thógáil, a Thuiscint & a Léirmhíniú sa Staidéar Gnó" agus úsáid a bhaint as straitéisí tacaíochta samplacha agus iad ag obair le graif ag úsáid Soláthar agus Éileamh.

Cineál comhaid: YouTube
Cliceáil ar an íomhá chun seinm
Cineál comhaid: YouTube
Cliceáil ar an íomhá chun seinm