Oideachas Reiligiúnach

Nuacht/Imeachtaí

An nuacht is déanaí

Dáta a Postáladh: 28 March 2022


Webinar : an seomra ranga reiligiúin saibhir le taighde

 

31ú Márta 2022 @ 7 i.n.-8.30 i.n.

 

Cainteoirí: Emily Sexton Considine agus Maeve Tierney

 

Comhlaigh leis an SSM OR
 

Chun áirithint a dhéanamhdéanteagháil le: https://wtc.ie/cpd-courses-2.html 


 

Dáta a Postáladh: 11 March 2022


Dé Máirt an 15 Márta seo chugainn ag 8 in , beidh Dylan Wiliam in éineacht le @JCforTeachers chun labhairt faoi straitéisí agus teicnící measúnaithe chun tacú leis an bhfoghlaim don seomra ranga JC. Cláraigh anseo le bheith linn Dé Máirt seo chugainn ag https://buff.ly/3rYuzdQ #JCRE. Beidh seimineár gréasáin leantach leis an Ollamh William ag gabháil leis an seimineár FGL seo an 5 Aibreán.

 

Dáta a Postáladh: 10 December 2021


Amharc ar an bhfíseán  a mheall cuid de bhuaicphointí Sheimineár an Fhóraim Náisiúnta ar Theagasc agus Foghlaim faoi Dhéantáin Naofa ó Mhór-Reiligiúin an Domhain. Ba í Leabharlann Chester Beatty, Baile Átha Cliath a d'óstáil an lá le MIC Luimnigh, Fóram Idir-Chreidimh Chathair Bhaile Átha Cliath agus an tSraith Shóisearach do Mhúinteoirí.

Dáta a Postáladh: 25 March 2020


Beidh Seimineár Gréasáin ar siúl Déardaoin 23ú Aibreán 2020. Is féidir clárú ag an nasc thíos- 

 

https://register.gotowebinar.com/register/6569840765953114380

 

 

Dáta a Postáladh: 01 November 2021


Tá páipéar samplach curtha ar fáil ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit do RE na Sraithe Sóisearaí. Seolfar cóip chuig gach scoil agus tá sé ar fáil le híoslódáil anois:


https://www.examinations.ie/misc-doc/BI-EX-44311014.pdf
 

Dáta a Postáladh: 13 October 2021


Mar chuid den Fhoirne na Sraithe Sóisearaí, beidh Imeacht Foghlama ar Líne : Fómhar2021, a óstáil ag an bhfoireann reiligiún bunaithe ar Thoraíocht bhrí an duine- ag ullmhú le haghaidh MRB2.

Dáta:  Dé Luain 18ú Deireadh Fómhair, Uair 5 i.n.

Cláraigh anseo 

Dáta a Postáladh: 05 October 2021


Beidh SSM i gcomhairle leis an ECSI ag tabhairt faoi cheardlanna roghnacha FGL ar an bpróiseas AFMÁ .
Beidh na ceardlanna seo, a bheidh ar siúl ar líne idir an 4ú agus 14ú Deireadh Fómhair 2021, dírithe ar mhúinteoirí uile na Sraithe Sóisearaí. Cliceáil ar na ceardlanna nasctha thíos chun tuilleadh eolais a fháil.


Éascu éifeachtach ar an bpróiseas AFMÁ


Rannpháirtíocht éifeachtach sa chruinniú AFMÁ

Dáta a Postáladh: 17 September 2021


D’ullmhaigh an CNCM roinnt ceisteanna samplacha chun tacú le múinteoirí lena measúnú ar 

shonraíochtaí oideachais reiligiúnaigh na sraithe sóisearaí ag léibhéal coitianta. 

 

 

Cliceáil anseo: 

https://curriculumonline.ie/Junior-cycle/Junior-Cycle-Subjects/Religious-Education/?lang=ga-ie

 

Ba chóir na míreanna atá san aireamh a léamh mar shamplaí de cheisteanna measúnaithe is féidir a úsaid chun measúnú sa seomra ranga a theorú . Ní hionann iad agus an raon leathan beart is féidir a úsáid. Ní dhéanann siad iarracht na cinéalacha ceisteanna a bheith le feiceáil ar an bpaipear scrudaithe a thaispeaint nó conas a leagfarr amach an páipéar. Éiseoidh an Coimisiún na Scruduithe Stait (CSS) ábhar samplach scrúdaithe níos deanaí an téarma seo. 

Dáta a Postáladh: 10 September 2021


Tá fuinneoga na MRBanna foilsithe ag an NCCA don bhliain acadúil 2021-2022.

 

Tabhair faoi deara na socruithe seo a leanas don:

 

  • 3ú bhliain i ndáil le MRB 1 ar leathanach 2

 

  • 3ú bhliain i ndail le MRB 2 ar leathanach 3

 

  • 2ú bliain i ndáil le MRB 1 ar leathanach 4

 

 

Tá gach eolas le fáil ar:

https://ncca.ie/media/5145/cba-revised-arrangements_06092021_ga.pdf

Dáta a Postáladh: 07 September 2021


Tá nuashonrú tábhachtach againn duit. Tá athbhreithniú déanta ag an NCCA ar Threoirlínte um Oideachas Reiligiúnach don tSraith Shóisearach do na Measúnuithe Seomra Ranga.

 

 

Ghlac an NCCA le haiseolas ó mhúinteoirí a chríochnaigh CBA1 agus ó na páirtithe leasmhara oideachais eile chun soiléireacht agus fócas níos fearr a sholáthar don phróiseas CBA san Oideachas Reiligiúnach. Mar thoradh air seo rinneadh roinnt athruithe ar CBA1 agus CBA2. Táimid ag obair go dlúth leis an NCCA agus le páirtithe leasmhara eile chun ár n-ábhar tacaíochta ar líne a nuashonrú i bhfianaise na n-athruithe seo. Chuireamar tús le hullmhúcháin do sheimineár gréasáin chun tacú le do rannpháirtíocht leis an doiciméad nua. Déanfaimid nuashonrú duit chomh luath agus a bheidh tuilleadh sonraí ar fáil.

 

Tá gach eolas le fáil ar:

https://curriculumonline.ie/getmedia/2a15712c-b11a-43a1-9d11-29dc43a1ced5/RE_Assessment_Guidelines_GA.pdf

 

Bí cinnte go bhfuil an leagan nua á léamh agat.

 

Tabhair  faoi deara le do thoil go bhfuil sé dátaithe Iúil 2021.

 

Go raibh maith agat.

Dáta a Postáladh: 13 March 2020


Tharla an chéad chomhfhiontar idir Foireann Reiligiúin SSM agus Leabharlann Chester Beatty ar 11 Márta 11 i Leabharlann Chester Beatty, Baile Átha Cliath. Sa cheardlann idirghníomhach seo dar teideal “Téacsanna Sácráilte agus Nithe Sácráilte” tugadh mionléiriú ar na bealaí inar féidir le múinteoirí acmhainní idirchreidimh a chruthú sa seomra ranga ag úsáid téacsanna sácráilte. 

 

Rinne éascaitheoirí an tseisiúin Jenny Siung agus Justyna Chmielewska ó Leabharlann Chester Beatty mionscrúdú ar théacsanna agus ar dhéantáin ag úsáid cur chuige tadhlach / cinéistéiseach agus thug siad cuairt thart ar an músaem freisin do na múinteoirí a bhí rannpháirteach ó dhisciplíní ábhair éagsúla. Bhí tráthnóna fíorspeisialta ann le comhráite léirsteanacha agus comhoibriú idir gach duine a bhí i láthair, agus iad ag scrúdú úsáid na dtéacsanna sácráilte ón gcaoi a ndearnadh iad go dtí éagsúlacht na reiligiún agus na gcultúr domhanda a chuir le chéile iad.  Ceann de na buaicphointí is mó san oíche ab ea na boscaí acmhainní a cruthaíodh i gcomhair foghlaim bunaithe ar fhiosrú agus ar iniúchadh a chuir ar chumas múinteoirí tabhairt faoi thrí ghné nua ón tsonraíocht OR. Táimid ag dréim lena lán tráthnónta eile den chineál céanna a óstáil san am atá le teacht. 

 

     

Dáta a Postáladh: 07 March 2020


Bhí an-áthas ar fhoireann Oideachas Reiligiúin SSM freastal ar Chomhdháil Náisiúnta Chumann Múinteoirí Reiligiúin na hÉireann in Óstán Hodson Bay, Baile Átha Luain Dé Sathairn an 7 Márta agus ceardlann a chur i lathair.  Dhírigh na ceardlanna gníomhacha ar thaighde i Sonraíocht Oideachas Reiligiúin na Sraithe Sóisearaí. 

 

Bhí lá fíorspeisialta ann le comhráite léirsteanacha agus comhoibriú idir gach duine a bhí i láthair, agus iad ag roinnt eolais faoin gcaoi a mbíonn taighde ag teacht chun beatha go nádúrtha i seomraí ranga ar fud na tíre. Gabhaimid ár mbuíochas leis an RTAI as an bhfáilte chroíúil a chuir siad romhainn agus as cuireadh a thabhairt dúinn cur i láthair a dhéanamh ag an ócáid seo, agus mar fhoireann táimid ag dréim le bheith ag oibriú leo aris amach anseo

 

    

Dáta a Postáladh: 12 February 2020


Tarlóidh an chéad chomhfhiontar idir Reiligiún agus Ealaíona na Sraithe Sóisearaí i mí Márta. Rinne muid obair i gcomhar leis an bhfoireann Oideachais i Leabharlann Chester Beatty chun ceardlann a fhorbairt darb ainm ‘Téacsanna Naofa agus Réada Naofa’. Reáchtalfar an cheardlann i Leabharlann Chester Beatty Dé Céadaoin 11 Márta ó 5 - 7 i.n. agus beidh sí ar siúl arís in Ionad Oideachais Atha Luain Dé Céadaoin 25 Márta ó 5 - 7 i.n. Tá an clárú ar siúl anois agus tá na háiteanna á líonadh go sciobtha agus tá dian-teorainn leo. Tá na socruithe i leith clárúcháin éagsúil ag brath ar an ionad a roghnaítear, féach an póstaer faoi iamh le haghaidh na mionsonraí.

 

Chun an t-eolas is déanaí a fháil ar bhonn rialta, cláraigh anseo le Liosta Seachadta Ealaíona sa tSraith Shóisearach.

Dáta a Postáladh: 28 January 2020


Rinne Foireann Oideachas Reiligiúnach SSM freastal ar an searmanas ‘Lá Cuimhneacháin an Uileloiscthe’ i dTeach an Ard-Mhéara, Baile Átha Cliath tráthnóna Dé Domhnaigh, 26 Eanáir, ar lá é atá gar go maith freisin don 75ú cuimhneachán ar shaoradh Auschwitz ar 27 Eanáir, 1945. Arna eagrú ag Iontaobhas Oideachas Uileloiscthe na hÉireann, thug Uachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUiginn óráid fhíorspéisiúil, ach forálach, inar luaigh sé tábhacht chomhghuaillíocht ár dtíre leo siúd a bhíonn faoi leatrom agus imeallaithe. Labhair Cathaoirleach Iontaobhas Oideachas Uileloiscthe na hÉireann, Eibhlín Byrne, ar an tábhacht atá le “oideachas a chur ar na glúine atá beo sa lá atá inniu ann, agus orthu siúd atá fós le teacht, faoin gcruálacht is féidir leis an duine a imirt ar a chomhdhaoine nuair a bhíonn gach a bhfuil uasal agus fónta caillte.'' Tá cuimhneachán an uileloiscthe ina eiseamláir ar thábhacht an Oideachais Reiligiúnaigh taobh istigh dár gcuid scoileanna chun cuimsitheacht a theagasc agus a chothú i measc ár gcuid scoláirí i ndomhan atá iolraíoch agus, in amanna, lán le héiginnteacht.

Dáta a Postáladh: 10 April 2019


Ar an 28ú Márta chraolamar ár gcéad seimineár gréasáin. Ba é príomhfhócas na seimineár ná cúrsaí pleanála.

 

Leis na príomhphointí a fheiceáil, cliceáil anseo

Dáta a Postáladh: 10 April 2019


Ar na mallaibh, reáchtáil muid siompóisiam Oideachas Reiligiúin na Sraithe Sóisearaí in Ionad Oideachas Reiligiúin na hÉireann.

 

Leis na príomhphointí a fheiceáil, cliceáil anseo

Dáta a Postáladh: 01 January 2019


Tugann rannóg Oideachas Reiligiúin shuíomh idirlín SSM.ie rochtain duit ar an eolas is déanaí ar fad a bhaineann lenár n-ábhar, ina measc:

 

Cuir i láthair Chumhachtphointe

Leabhráin

Foinsí

Póstaeir

Seimineáir Ghréasáin

 

Is féidir freisin an tsonraíocht a fheiceáil agus nasc chuig na treoirlínte measúnachta a aimsiú i rannóg na bPríomhdhoiciméid den suíomh idirlín againn nuair a bheidh siad ar fáil.

 

De réir mar a chruthaítear níos mó acmhainní ábhair don Oideachas Reiligiúin, uaslódálfar chuig gach rannóg den suíomh gréasáin iad.

 

Fan ar an eolas i dtaca le forais uile an Oideachais Reiligiúin trínár leathanach Twitter a leanúint.

 @jct_re

Nuachtlitir Oideachas Reiligiúin