Oideachas Reiligiúnach

Ceardlann FGL 2020/2021

Tá fáilte mhór romhat chuig an Treoir ghairid seo maidir leis na hábhair do Lá FGL an Oideachais Reiligiúnaigh in 2020/2021. Is é atá i gceist leis an Treoir seo forléargas a thabhairt  ar ábhar,  teachtaireachtaí  agus pléphointí na n-ábhar FGL agus tú ag plé leo mar dhuine aonair, mar bhall de ghrúpa múinteoirí nó de Roinn Ábhair. Beidh na hábhair ina gcabhair do mhúinteoirí nach raibh in ann freastal ar an gceardlann san Oideachas Reiligiúnach ar a gcnuaslá FGL in 2020/2021, do mhúinteoirí nua-cháilithe nó do mhúinteoirí atá ag múineadh Oideachas Reiligiúnach den chéad uair sa tSraith Shóisearach. Beidh suim ag múinteoirí a d'fhreastail ar an gceardlann FGL ina gcnuaslá 2020/2021 agus ar mhaith leo athbhreithniú a dhéanamh ar na hábhair.

Réamhrá

San fhíseán tosaigh agus sa PDF seo tugtar forléargas ar lá FGL an Oideachais Reiligiúnaigh in 2020/2021. Is í seo an intinn foghlama don ábhar FGL seo:

Ár gcomhthuiscint ar phleanáil a fhorbairt do churaclam atá dírithe ar fhoghlaimeoirí in Oideachas Reiligiúnach na Sraithe Sóisearaí.

Cineál comhaid: YouTube
Cliceáil ar an íomhá chun seinm
Ag Obair le Torthaí Foghlama

Fáilte go rannán a haon, Ag Obair le Torthaí Foghlama. Déantar iniúchadh sa rannán seo ar an gcaoi a n-úsáidimid torthaí foghlama chun aonad foghlama a chruthú. Roinnimid an próiseas a úsáidtear chun an t-aonad samplach foghlama a chruthú atá le fáil inár nAcmhainn Idir Talamh agus Muir.

Cineál comhaid: YouTube
Cliceáil ar an íomhá chun seinm
Machnamh in OR

Fáilte go rannán a dó, Machnamh in OR. Scrúdaítear sa chuid seo an tábhacht a bhaineann le machnamh in OR, agus béim ar leith á leagan ar mhachnamh i bpróiseas an MRB.

Cineál comhaid: YouTube
Cliceáil ar an íomhá chun seinm
Leideanna Machnaimh Padlet

Fáilte go rannán a trí, Leideanna Machnaimh Padlet. Tugann an balla Padlet seo roinnt leideanna le haghaidh plé roinne nó machnamh aonair faoi do phleanáil agus do chleachtas in Oideachas Reiligiúnach na Sraithe Sóisearaí.

Cineál comhaid: YouTube
Cliceáil ar an íomhá chun seinm
Pleanáil an Phictiúir Mhóir

Fáilte go dtí rannán a ceathair, Pleanáil an Phictiúir Mhóir. Tugtar forléargas sa chuid seo ar phleanáil do thrí bliana d'Oideachas Reiligiúnach na Sraithe Sóisearaí.

Cineál comhaid: YouTube
Cliceáil ar an íomhá chun seinm
Leabhrán Pleanála Idirghníomhach

Fáilte go rannán a cúig ina ndéanfar iniúchadh ar an leabhrán pleanála idirghníomhach. Tá an chuid dheireanach den FGL seo tiomnaithe do phleanáil na roinne ábhair. Tabharfaidh an leabhrán idirghníomhach féintreoraithe seo deis duit do dhoiciméid phleanála a athbhreithniú agus a chur in eagar lena chinntiú go bhfuil siad dírithe ar an bhfoghlaimeoir.

Ná bíodh leisce ort na teimpléid phleanála a úsáid, a oiriúnú agus a athrú chun freastal ar do chuid riachtanas agus ar do chomhthéacs. Tá an leabhrán pleanála ar fáil freisin i bhformáid PDF más é sin is fearr leat.

Cineál comhaid: YouTube
Cliceáil ar an íomhá chun seinm