Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga (FCÁT)

Nuacht/Imeachtaí

An nuacht is déanaí

Dáta a Postáladh: 08 June 2023


Tionscadal Píolótach Foghlaim Chomhtháite Ábhair agus Teanga (FCÁT) na Roinne Oideachais

 

Dea-scéala gur féidir le suíomhanna luathbhlianta, bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla spéis a léiriú anois chun páirt a ghlacadh i dTionscadal Píolótach Foghlaim Chomhtháite Ábhair agus Teanga (FCÁT) na Roinne Oideachais don chéad scoilbhliain eile. D’éirigh thar cionn leis an iliomad suíomhanna fud fad na tíre a ghlac páirt sa tionscadal i mbliana agus anuraidh. Is é atá i gceist le FCÁT ná cur chuige foghlama teangacha a úsáideann an sprioctheanga mar mheán chun ábhar agus teanga a mhúineadh. Is cur chuige rathúil í, aitheanta go hidirnáisiúnta chun teangacha a mhúineadh agus a fhoghlaim. Más mian leat agus le do shuíomh spéis a léiriú chun páirt a ghlacadh sa tionscadal don chéad scoilbhliain eile, 2023/24, ní mór duit clárú tríd an nasc seo:

 

https://ec.europa.eu/eusurvey/runner/FCAT_Leirigh_Speis-2023

 

Cuireadh breis acmhainní, príomhdhoiciméid FCÁT na Roinne agus físeáin chabhracha ar fáil i mbliana ar an rannán FCÁT seo chun tacú le múinteoirí, scoláirí, tuismitheoirí agus bainistíocht scoileanna araon. Tugann siad léargas agus blaiseadh den chur chuige FCÁT chun teangacha a mhúineadh agus a fhoghlaim. Tapaigh an deis breathnú ar na físeáin, nua-chrochta sa rannán FCÁT seo, chun léargas a fháil ar eispéireas thrí iar-bhunscoil agus suíomh luathbhlianta amháin a ghlac páirt sa tionscadal i mbliana.

 

Breis Eolas ar fáil ag an nasc seo.

 

Beatha teanga í a labhairt agus cleachtadh a dhéanann máistreacht, gan amhras!