Tacaíocht le Feidhmiú na Sraithe Sóisearaí (TFSS)

Ceardlanna FGL 2015 - 2020 don Scoil Uile

Intreoir

Tá athchóiriú déanta ar Fhoireann SSM na Scoile Uile agus ó Mhí Mheán Fómhair seo caite, tá Foireann Tacaíochta le Feidhmiú na Sraithe Sóisearaí (TFSS) ag tacú le scoileanna.
Idir 2015 agus Meitheamh 2021, d'éascaigh Foireann na Scoile Uile go leor ceardlanna go náisiúnta, agus scoileanna ag dúnadh le ligean do mhúinteoirí agus do bhainistíocht scoile, freastal ar "Lá na Scoile Uile".
Tá na ceardlanna a bhaineann leis na "Laethanta" sin ar fáil thíos. Maidir leis an inneachar ábhar ag eascairt astu, tá tacaíocht láidir fós ann do gach gné den Teagasc, den Fhoghlaim, den Mheasúnú agus den Tuairisciú. Tugann na ceardlanna go léir léargas ar an gCreat don tSraith Shóisearach (2015) mar a cuireadh i bhfeidhm é i gCiorclán na Sraithe Sóisearaí ag an am.

Maidir le cur i bhfeidhm na Sraithe Sóisearaí, don scoilbhliain 2021/2022, ní mór an Creat a léamh in éineacht le Ciorclán 59/2021 reatha na Sraithe Sóisearaí.
Ba chóir aon tagairtí do Threoirlínte CNCM ar Fholláine na Sraithe Sóisearaí a léamh anois i bhfianaise a dtreoirlínte athbhreithnithe - Treoirlínte Folláine na Sraithe Sóisearaí 2021.

Ba chóir tagairt ar bith don Ráiteas Polasaí Folláine agus don Chreat Cleachtais a léamh anois i bhfianaise an eagráin athbhreithnithe - Ráiteas Polasaí Folláine agus don Chreat Cleachtais
Ba chóir aon tagairtí do Shonraíochtaí Ábhair agus Treoirlínte Measúnaithe na Sraithe Sóisearaí a léamh ó rannóg na Sraithe Sóisearaí de shuíomh gréasáin curriculumonline an CNCM, ina bhfuil an leagan is cothroime le dáta díobh sin.