Baile

  • Céim 1

  • Céim 2

  • Céim 2

  • Céim 3

  • Céim 3

  • Céim 3

  • Céim 4

  • Céim 4

  • Céim 4

  • Céim 4

  • Céim 4

  • Céim 5

  • Céim 5

  • Céim 5

  • Céim 5

  • CFL1anna/CFL2anna

  • Ceannaireacht

  • Folláine

Fógraí

  • Dáta a Postáladh: 23 March 2023

    CNCM - Clár Foghlama Leibhéal 1/Leibhéal 2

    Mar chuid den fhorbairt níos leithne ar an tsraith shinsearach, táthar ag súil go gcuirfear modúil leantacha don scoláire agus é ag dul chun cinn ó Chláir Foghlama Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 sa tsraith shóisearach. Tá an comhairliúchán poiblí ar an gCáipéis Eolais agus an Treoir d’fhorbairt mhodúil na sraithe sinsearaí don scoláire tar éis Chláir Foghlama Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 ag leibhéal na sraithe sóisearaí, tá an comhairliúchán agus an treoir sin oscailte anois. Is é is aidhm leis an bpróiseas seo, dearcthaí múinteoirí, tuismitheoirí agus páirtithe leasmhara a fháil faoin gCáipéis Eolais agus faoin Treoir.

    Beidh an t‑aiseolas seo mar bhonn ag obair sa todhchaí ar fhorbairt mhodúil na sraithe sinsearaí don scoláire tar éis Chláir Foghlama Leibhéal 1 agus Leibhéal 2.

    Is é an data deiridh ná Aoine, 28 Aibreán 2023. Tá tuilleadh eolais ar fáíl anseo.

  • Dáta a Postáladh: 23 March 2023

    Ceardlann OSSP Ag Teacht: Naisc a Dhéanamh

    Cén uair: 19 Aibreán - 4 Bealtaine

    Tá trí sheisiún tarraingteacha sa cheardlann seo:

    Seisiún 1: Nascadh na Snáitheanna

    Iniúchadh a dhéanamh ar smaointe praiticiúla chun foghlaim a chomhtháthú ar fud na snáitheanna

    Seisiún 2: Breithnigh-Cruthaigh-Comhoibrigh

    Eispéiris foghlama a chomhchruthú atá réidh don seomra ranga

    Seisiún 3: An Fhoghlaim a Nascadh

    Smaoinigh ar chur chuige idirdhisciplíneach i leith CSPE i do scoil.

    Is féidir le scoileanna clárú tríd an gcnaipe gorm ar a dtugtar "Cláraigh le haghaidh Cheardlanna OSSP 2023" ar phainéal ár láithreáin chlárúcháin, www.jctregistration.ie

  • Dáta a Postáladh: 21 March 2023

    Nóta Eolais ón gCoimisiún na Scrúduithe Stáit, Márta 2023

    Scrúduithe na Sraithe Sóisearaí, 2022: Tá nóta eolais faoi scrúduithe na Sraithe Sóisearaí i raon ábhar ar fáil anseo.

  • Dáta a Postáladh: 15 March 2023

    Tábhachtach: Ceardlann OSSP – Spriocdáta le Clárú

    Cláraigh faoin 16 Márta 2023
    Teideal: Naisc a Dhéanamh

    Cén uair: 19 Aibreán - 5 Bealtaine
    Tá trí sheisiún tarraingteacha sa cheardlann seo:
    Seisiún 1: Nascadh na Snáitheanna
    Iniúchadh a dhéanamh ar smaointe praiticiúla chun foghlaim a chomhtháthú ar fud na snáitheanna
    Seisiún 2: Breithnigh-Cruthaigh-Comhoibrigh
    Eispéiris foghlama a chomhchruthú atá réidh don seomra ranga
    Seisiún 3: An Fhoghlaim a Nascadh
    Smaoinigh ar chur chuige idirdhisciplíneach i leith CSPE i do scoil.
    Tugtar cuireadh duit sonraí do mhúinteoirí OSSP a chlárú le haghaidh ceardlainne ar cheann de na dátaí seo tríd an gcnaipe gorm ar a dtugtar "Cláraigh le haghaidh Cheardlanna OSSOP 2023" ar phainéal ár láithreáin chlárúcháin, www.jctregistration.ie  faoin Déardaoin, 16 Márta 2023. 

  • Dáta a Postáladh: 09 March 2023

    Ceardlann OSSP atá le teacht: Naisc a Dhéanamh

    Cén uair: 19 Aibreán - 5 Bealtaine

    Tá trí sheisiún tarraingteacha sa cheardlann seo:

    Seisiún 1: Nascadh na Snáitheanna

    Iniúchadh a dhéanamh ar smaointe praiticiúla chun foghlaim a chomhtháthú ar fud na snáitheanna

    Seisiún 2: Breithnigh-Cruthaigh-Comhoibrigh

    Eispéiris foghlama a chomhchruthú atá réidh don seomra ranga

    Seisiún 3: An Fhoghlaim a Nascadh

    Smaoinigh ar chur chuige idirdhisciplíneach i leith CSPE i do scoil.

    Tugtar cuireadh duit sonraí do mhúinteoirí OSSP a chlárú le haghaidh ceardlainne ar cheann de na dátaí seo tríd an gcnaipe gorm ar a dtugtar "Cláraigh le haghaidh Cheardlanna OSSOP 2023" ar phainéal ár láithreáin chlárúcháin, www.jctregistration.ie  faoin Déardaoin, 16 Márta 2023.

  • Dáta a Postáladh: 09 March 2023

    Seimineár Gréasáin atá le teacht san Oideachas Reiligiúin

    'An Seomra Ranga ina mbíonn neart taighde a Iniúchadh san ORSS’
    DÁTAÍ: Dé Máirt, 14 Márta agus Dé Céadaoin, 22 Márta 2023
    AM: 7in go 7.45in, gach oíche
    IONAD: Ar líne trí Zoom

    Beidh dhá sheimineár ghréasáin Oideachas Reiligiún seo á reáchtáil ag Comhlaigh mar chuid de chomhoibriú leanúnach SSM agus ESCI. Díreoidh na seimineár gréasáin seo ar thuiscint a fhorbairt ar thaighde i Sonraíocht Oideachas Reiligiúnach na Sraithe Sóisearaí. Fiosróidh na seimineár gréasáin conas is féidir leis na gnéithe an Fhiosrúcháin, an Fhiosraithe agus an Mhachnaimh agus na Gníomhaíochta éirí beo beathach i Seomra Ranga an Oideachais Reiligiúin.
    14 Márta – Cláraigh anseo  
    22 Márta - Cláraigh anseo  
    Táimid ag tnúth le bualadh leat ar líne!
     

  • Dáta a Postáladh: 09 March 2023

    Seimineár Gréasáin atá le teacht san Oideachas Reiligiúin

    'An Seomra Ranga ina mbíonn neart taighde a Iniúchadh san ORSS’
    DÁTA: Dé Céadaoin, 22 Márta 2023
    AM: 7in go 7.45in
    IONAD: Ar líne trí Zoom

    Beidh an seimineár gréasáin Oideachas Reiligiún seo á reáchtáil ag Comhlaigh mar chuid de chomhoibriú leanúnach SSM agus ESCI. Díreoidh an seimineár gréasáin seo ar thuiscint a fhorbairt ar thaighde i Sonraíocht Oideachas Reiligiúnach na Sraithe Sóisearaí. Fiosróidh an seimineár gréasáin conas is féidir leis na gnéithe an Fhiosrúcháin, an Fhiosraithe agus an Mhachnaimh agus na Gníomhaíochta éirí beo beathach i Seomra Ranga an Oideachais Reiligiúin.
    Cliceáil anseo chun clárú. Táimid ag tnúth le bualadh leat ar líne!

  • Dáta a Postáladh: 06 March 2023

    Ciorclán 0015/2023

    Ciorclán 0015/2023: Leasuithe ar shonraíochtaí Gaeilge T1 agus T2 na Sraithe Sóisearaí agus socruithe measúnaithe do Mheasúnuithe Rangbhunaithe 1 agus 2

    Leagtar amach sa Chiorclán ata ar fáil anseo leasuithe ar na nithe seo a leanas:

    •  íosmhéid na dtéacsanna liteartha a mbíonn scoláirí á n-ionramháil thar na trí bliana den tSraith Shóisearach do T1 agus T2 chomh maith leis naseánraí atá le fiosrú

    •  liosta na dtéacsanna liteartha molta don chéad bhliain T2 agus liostaí dualgais de théacsanna liteartha don dara agus don tríú bliain T1 agus T2

    •  socruithe measúnaithe do Mheasúnuithe Rangbhunaithe 1 agus 2 le

    •  haghaidh T1 agus T2.

  • Dáta a Postáladh: 06 March 2023

    Fealsúnacht

    An Fhealsúnacht a Nascleanúint le Cruinneshamhlacha

    Déantar iniúchadh sa cheardlann fhairsing seo ar an gcaoi le fráma cruinneshamhlacha a úsáid mar uirlis do mhúinteoirí chun tuiscint na scoláirí orthu féin, an domhan ina gcónaíonn siad agus ar an bhfealsúnacht a neartú. Breithneoidh rannpháirtithe castachtaí, buntáistí agus dúshláin chruinneshamhlacha, agus déanfaidh siad machnamh ar a bpeirspictíochtaí féin ar an domhan.
    Is féidir le scoileanna múinteoirí a chlárú le haghaidh ceann ar bith de na ceardlanna thíos trí thairseach chlárúcháin SSM, www.jctregistration.ie
    •    Is ceardlanna aghaidh ar aghaidh atá sna ceardlanna seo.
    •    Ní gá a bheith ag múineadh an ghearrchúrsa san Fhealsúnacht le freastail ar na ceardlanna seo.

    11 Márta 2023, Ionad Oideachais Luimnigh, 10.00 - 16.00
    25 Márta 2023, Ionad Oideachais Laoise, 10.00 - 16.00

  • Dáta a Postáladh: 06 March 2023

    Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte (OSPS) na Sraithe Sinsearaí

    Ag eascairt as an athbhreithniú ar Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta (OCG) i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna, sainaithníodh an gá atá le curaclam an Oideachais Shóisialta, Phearsanta agus Sláinte a nuashonrú ina eochairthosaíocht.

    Bhain an chéad chéim den obair seo le comhairliúchán poiblí maidir leis an bPáipéar Cúlra agus an Treoir d'athfhorbairt SPHE na Sraithe Sinsearaí. Tá an tuairisc foilsithe anois is tá sé ar fáil anseo.

    Roinnfear an t-aiseolas a gheofar ón gcomhairliúchán leis an Meitheal Forbartha d’OSPS na sraithe sinsearaí chun cur leis an mbonn eolais ar a mbunófar a n-athfhorbairt ar an tsonraíocht.

  • Dáta a Postáladh: 02 March 2023

    Ealaíona sa tSraith Shóisearach

    Cláraigh dár n-imeachtaí go léir ar www.artsinjuniorcycle.ie 

     

    Ealaín an Léirithe 
    Ról an Léirithe Inniu
    Ealaíona sa tSraith Shóisearach le hOifig Ealaíon Chomhairle Contae Chill Chainnigh, Ionad Oideachais Chill Chainnigh agus na léiritheoirí Valerie Connor agus Eamonn Maxwell.  
    Bígí linn don cheardlann nua ar líne seo ina ndéanfaidh tú iniúchadh ar ról an léirithe sa lá atá inniu ann agus ina bhfaighidh tú léargais luachmhara ar shaothar léiritheoirí comhaimseartha agus ar a dtionchar ar shaol na healaíne agus ar an tsochaí trí chéile. 
    Dáta: Máirt 14 Márta 2023 
    Am: 7:00in - 8:30in 
    Cláraigh ar www.artsinjuniorcycle.ie

     

    Tartuffe: Téacs go Taibhiú
    Ealaíona sa tSraith Shóisearach le hAmharclann na Mainistreach 
    Áiteanna fós ar fáil in Tartuffe: Téacs go Taibhiú, Baile Átha Cliath. 
    Sa cheardlann seo, feicfear léiriú nua Amharclann na Mainistreach de choiméide chlasaiceach Molière, Tartuffe, ón  17ú haois.
    Dáta: Satharn 11 Márta 2023 
    Am: 10:00rn - 12.30in (ceardlann) & 2in (taibhiú / léiriú)
    Ionaid: Ionad Oideachais Dhroim Conrach agus Amharclann na Mainistreach, Baile Átha Cliath 
    Dáta: Luan 13 Márta 2023
    Am: 6:00in - 7:00in (ceardlann leantach ar líne)
    Cláraigh ar www.artsinjuniorcycle.ie

     

    Déanaimis damhsa!
    Ealaíona sa tSraith Shóisearach le foireann Chorpoideachais SSM agus an damhsóir Alessandra Azevedo
    Áiteanna ceardlainne ar fáil i mBaile Átha Cliath Satharn 4 Márta & Corcaigh Satharn 11 Márta 2023
    Píosa damhsa a chruthú agus a chóiriú agus iniúchadh a dhéanamh ar rince Afra-Bhrasaíleach agus ar Capoeira. 
    Baile Átha Cliath
    Dáta: Satharn 4 Márta 2023 

    Am: 10:00rn - 1:30in 
    Ionad: Teach Mash Baile Átha Cliath 1 
    Corcaigh
    Dáta: Satharn 11 Márta 2023

    Am: 10:00rn - 1:30in 
    Ionad: Meánscoil Chríost Rí na gCailíní, Corcaigh 
    Cláraigh ar www.artsinjuniorcycle.ie

     

    Peirspictíocht Úr: Filíocht le Luke Morgan 
    Bígí linn in Ionad Oideachais na Gaillimhe le haghaidh ceardlann spreagúil a forbraíodh leis an bhfile agus leis an déantóir scannán, Luke Morgan, i gcomhpháirtíocht le Filíocht Éireann. Dearadh an cheardlann seo chun do shamhlaíocht agus do chruthaitheacht a spreagadh agus chun tacú le rannpháirtíocht leis an bhfilíocht i seomra ranga na Sraithe Sóisearaí. 
    Dáta: Satharn 25 Márta 2023 
    Am: 10:30rn - 3:30in 
    Ionad: Ionad Oideachais na Gaillimhe 
    Cláraigh ar www.artsinjuniorcycle.ie

     

    Féile na Foghlama Gairmiúla 
    An tSraith Shóisearach do Mhúinteoirí (SSM)
    Mar chuid d'Fhéile Fhoghlaim Ghairmiúil SSM ón 25 - 30 Márta, cuireann Ealaíona sa tSraith Shóisearach trí cheardlann i bpearsa i láthair i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh agus i bPort Laoise a dearadh chun cabhrú le rannpháirtíocht le gearrchúrsaí na sraithe sóisearaí i Léiriú Ealaíne, Códú agus Litearthacht sna Meáin Dhigiteacha. 
    Dáta: Sath. 25 Márta 2023 

    Cláraigh trí chliceáil anseo.

     

    Aimsigh an Tóraitheoir - Filíocht a Léamh agus a Scríobh
    Ealaíona sa tSraith Shóisearach leis an bhfile Colm Keegan 
    Tríd an gceardlann nua seo ar líne a bhfuil dhá chuid inti, tugtar deis duit cur le do stór modheolaíochtaí chun dul i ngleic leis an bhfilíocht agus chun filíocht a chruthú. Breithneoidh tú cuir chuige i leith filíocht a léamh agus a thuiscint agus glacfaidh tú páirt i léiriú cruthaitheach trí chaint agus scríbhneoireacht. 
    Dátaí: Luan 24 Aibreán agus Luan 8 Bealtaine 2023 
    Am: 7:30in - 9:00in 
    Cláraigh ar www.artsinjuniorcycle.ie

  • Dáta a Postáladh: 02 March 2023

    An Seomra Ranga Lán Taighde a Iniúchadh san Oideachas Reiligiúnach

    Dáta: Dé Luain 6ú Márta 2023
    Am: 7:00- 8:00 i.n.

    Beidh an seimineár gréasáin Oideachas Reiligiúnach seo á reáchtáil ag Comhaltaí mar chuid de chomhoibriú leanúnach SSM agus ESCI. Díreoidh an seimineár gréasáin seo ar thuiscint a fhorbairt ar thaighde i Sonraíocht Oideachas Reiligiúnach na Sraithe Sóisearaí. Fiosróidh an seimineár gréasáin conas is féidir beocht a chur sna gnéithe Fiosrúchán, Fiosrú agus Machnamh agus Gníomh i Seomra an Oideachais Reiligiúin. Cliceáil ar an nasc seo chun clárú.

  • Dáta a Postáladh: 28 February 2023

    Seimineár Gréasáin do Mhúinteoirí UBA / Comhordaitheoirí na Sraithe Sóisearaí

    Rinneadh taifeadadh ar ár seimineár gréasáin TFSS le déanaí, 'Pleanáil Straitéiseach chun PGSS 2022 a Bhronnadh' agus tá sé ar fáil ag an nasc seo

  • Dáta a Postáladh: 24 February 2023

    NTI

    Whats your story? Gradam Náisiúnta Scéal Digiteach NTI
    Dáta: Dé Máirt 07 Márta 2023
    Am: 18:00-19:30

    Cláraigh trí chliceáil anseo.
    Is ceardlann idirghníomhach ar líne í seo ina ndéanann múinteoirí Nuatheangacha Iasachta iniúchadh ar an gcaoi chun cabhrú le scoláirí sa 1ú, sa 2ú agus sa 3ú bliain a rogha féin scéal digiteach a scríobh agus a léiriú. Nuair a bheidh a scéal críochnaithe ag scoláirí, is féidir leo é a chur isteach le haghaidh iontrála chuig Gradam Náisiúnta Scéal Digiteach MFL, Whats your story?
    Déanfar an cheardlann seo arís eile ar na dátaí seo a leanas freisin, ar féidir clárú leo trí chliceáil ar an nasc cuí thíos.
    Dáta: Dé Céadaoin 15 Márta 2023
    Am: 18:00-19:30

    Cláraigh don cheardlann seo trí chliceáil anseo.
    Dáta: Déardaoin 23 Márta 2023
    Am: 18:00-19:30

    Cláraigh don cheardlann seo trí chliceáil anseo.

  • Dáta a Postáladh: 24 February 2023

    An Seomra Ranga Lán Taighde a Iniúchadh san Oideachas Reiligiúnach 

    Dáta: Dé Luain 27 Feabhra 2023
    Am: 7:00- 8:00 i.n.

    Beidh an seimineár gréasáin Oideachas Reiligiúnach seo á reáchtáil ag Comhaltaí mar chuid de chomhoibriú leanúnach SSM agus ESCI. Díreoidh an seimineár gréasáin seo ar thuiscint a fhorbairt ar thaighde i Sonraíocht Oideachas Reiligiúnach na Sraithe Sóisearaí. Fiosróidh an seimineár gréasáin conas is féidir beocht a chur sna gnéithe Fiosrúchán, Fiosrú agus Machnamh agus Gníomh i Seomra an Oideachais Reiligiúin. Cliceáil ar an nasc seo chun clárú.

  • Dáta a Postáladh: 24 February 2023

    Ceardlanna ar an bPróiseas AFMÁ

    Cuirfidh SSM i gcomhpháirt le hIonad Oideachais Mhuineacháin ceardlanna trí Ghaeilge ar fáil ar an bPróiseas AFMÁ arís an téarma seo. Beidh na ceardlanna seo ar siúl ar an 13ú Márta agus 14ú Márta óna 16.30-18.00. Cuirfear tuilleadh tacaíochta agus acmhainní ar fáil do Rannpháirtithe agus d’Éascaitheoirí AFMÁ ag na ceardlanna seo. Féach ar an bpóstaer thíos chun tuilleadh eolais a fháil. Is féidir leat clárú trí chliceáil ar na naisc thíos.


    An Phróiseas AFMÁ: Rannpháirtíocht Éifeachtach 
    (Dé Máirt 14ú Márta: 16.30-18.00) 

    Cláraigh trí chliceáil ar an nasc seo.
    Ceardlann ar líne a chumasóidh rannpháirtithe chun cuspóir agus fiúntas cruinnithe AFMÁ a fhiosrú, tuiscint a fháil ar ról an rannpháirtí sa phróiseas AFMÁ, na tascanna a bhíonn le déanamh ag rannpháirtithe roimh, le linn agus tar éis an chruinnithe AFMÁ a phlé, agus ról na nGnéithe Cáilíochta sa Mheasúnú, sa Teagasc agus san Fhoghlaim a chíoradh. Acmhainní agus tacaí eile ar fáil!

     

    An Phróiseas AFMÁ: Éascú Éifeachtach 
    (Dé Luain 13ú Márta: 16.30-18.00) 

    Cláraigh trí chliceáil ar an nasc seo.
    Ceardlann ar líne a chumasóidh éascaitheoirí chun cuspóir agus fiúntas cruinnithe AFMÁ a fhiosrú, tuiscint a fháil ar ról an éascaitheora sa phróiseas AFMÁ agus na tascanna a bhíonn le déanamh ag an éascaitheoir, roimh, le linn agus tar éis an chruinnithe AFMÁ a phlé. Acmhainní agus tacaí eile ar fáil!

  • Dáta a Postáladh: 22 February 2023

    An Fhealsúnacht a Nascleanúint le Cruinneshamhlacha

    Déantar iniúchadh sa cheardlann fhairsing seo ar an gcaoi le fráma cruinneshamhlacha a úsáid mar uirlis do mhúinteoirí chun tuiscint na scoláirí orthu féin, an domhan ina gcónaíonn siad agus ar an bhfealsúnacht a neartú. Breithneoidh rannpháirtithe castachtaí, buntáistí agus dúshláin chruinneshamhlacha, agus déanfaidh siad machnamh ar a bpeirspictíochtaí féin ar an domhan.
    Is féidir le scoileanna múinteoirí a chlárú le haghaidh ceann ar bith de na ceardlanna thíos trí thairseach chlárúcháin SSM, www.jctregistration.ie
    4 Márta 2023, Ionad Oideachais na Carraige Duibhe, 10.00 - 16.00
    11 Márta 2023, Ionad Oideachais Luimnigh, 10.00 - 16.00
    25 Márta 2023, Ionad Oideachais Laoise, 10.00 - 16.00

  • Dáta a Postáladh: 22 February 2023

    Próiseas an Mheasúnaithe Rangbhunaithe i Matamaitic na Sraithe Sóisearaí

    Dearadh an seimineár gréasáin seo chun cabhrú le múinteoirí atá ag tosú ar phróiseas na measúnuithe rangbhunaithe. Gheofar buneolas ann ar na treoirlínte measúnaithe, forléargas ar mheasúnuithe rangbhunaithe agus ar chruinnithe AFMÁ agus beidh ionchur ann ó mhúinteoirí maidir lena dtaithí ar mheasúnuithe rangbhunaithe go dtí seo.
    Dáta: Dé Céadaoin 22 Feabhra 2023
    Am: 17:00-18:00pm

    Cliceáil ar an nasc seo chun clárú.

  • Dáta a Postáladh: 11 February 2023

    Ealaíona sa tSraith Shóisearach

    Cuireann Ealaíona sa tSraith Shóisearach réimse ceardlanna roghnacha ealaíon, ar líne agus i bpearsa, ar fáil do mhúinteoirí na Sraithe Sóisearaí ó gach disciplín ábhair.  Cláraigh ar www.artsinjuniorcycle.ie

     

    NUA!
    Próiseas na Scríbhneoireachta a Shoiléiriú

    Ealaíona sa tSraith Shóisearach leis an údar buaite duaiseanna, Dave Rudden

    Dáta: Sath 25 Feabhra 2023 
    Am: 9:30r.n. - 1:00i.n.
    Ionad: Ionad Oideachais na Carraige Duibhe, Baile Átha Cliath 

    An bhfuil suim agat do chuid scéalta féin a scríobh? Bí linn le haghaidh ceardlann scríbhneoireacht chruthaitheach i bpearsa le húdár Knights of the Borrowed Dark Dave Rudden. Déanfaidh tú iniúchadh ar bhealaí chun inspioráid a aimsiú, tosóidh tú ag múnlú smaointe i scéalta agus ag forbairt cleachtais scríbhneoireachta inbhuanaithe. Dearadh an cheardlann seo chun do stór modheolaíochtaí scríbhneoireacht chruthaitheach a leathnú ar mhaith leat iad a úsáid b'fhéidir i gcleachtas gairmiúil sa seomra ranga.   Cláraigh ar www.artsinjuniorcycle.ie

     

    NUA!
    Scannánaíocht a Fhiosrú

    Ealaíona sa tSraith Shóisearach agus Institiúid Scannán na hÉireann 

    Dátaí: Luan 27 Feabhra, Máirt 7 Márta agus Céad 22 Márta 2023  
    Amanna: 5:00i.n. – 6 :00i.n. (ceardlanna ar líne) agus 4.15i.n. – 6.15i.n. (pictiúrlann IFI Baile Átha Cliath)
    Ionad: ar líne an 27 Feabhra & 7 Márta; sa phictiúrlann ar an 22 Márta

    An bhfuil suim agat níos mó a fhoghlaim faoi théacsanna scannáin, teanga scannáin agus ardán sruthaithe Scoileanna IFI? Is é Scannánaíocht a Fhiosrú an comhfhiontar nua againn le hInstitiúid Scannán na hÉireann (IFI). Tá dhá cheardlann ar líne sa tsraith, taispeáint scannáin agus caint sa phictiúrlann, agus dearadh í chun cabhrú le rannpháirtíocht le scannánaíocht i seomraí na sraithe sóisearaí.  Cláraigh ar www.artsinjuniorcycle.ie

     

    NUA!
    Siúl Siar san Am

    Ealaíona sa tSraith Shóisearach le Mark Kelly, Scoil Seandálaíochta na hÉireann

    Dáta: Sath 4 Márta 2023 
    Amanna: 10. 15r.n. – 3.30i.n. 
    Ionad: Mainistir Bheigthí, Baile Átha Troim, Co na Mí 

    Bígí linn don cheardlann i bpearsa seo ar thailte Mhainistir Bheigthí, Baile Átha Troim, Co na Mí.  Arna fhorbairt le Mark Kelly ó Scoil Seandálaíochta na hÉireann, díreoidh an cheardlann eispéireasach seo ar theicnící seandálaíochta agus réada ársa a iniúchadh. Glacfaidh tú páirt freisin i dturas siúil ar Bhaile Átha Troim Co. na Mí.  Cláraigh ar www.artsinjuniorcycle.ie

     

    Téacsanna a Chruthú & Scéalta a Insint: - Ceardlann Déanta Irise* 
    Ealaíona sa tSraith Shóisearach le Sarah Maria Griffin ag MLÉ

    Dáta: Sath 4 Márta 2023 
    Am: 10.30r.n. - 3.30i.n. 
    Ionad: Músaem Litríochta Éireann (MLÉ), Faiche Stiabhna, Baile Átha Cliath 2

    Bígí linn le haghaidh ceardlann déanta irise ag MLÉ leis an scríbhneoir, file agus iriseoir Sarah Maria Griffin.  Is bealach nuálach é déanamh irise chun cabhrú le scoláirí scéalta a insint agus tionscadail a chur i gcrích thar réimse ábhar. Cruthóidh rannpháirtithe na ceardlainne irisí ag úsáid ábhair éagsúla agus fiosróidh siad úsáid datha, patrún, focal agus íomhánna sa phróiseas. B'fhéidir go mbeadh spéis ar leith ag múinteoirí scoláirí le Béarla mar Theanga Bhreise agus ag múinteoirí CFL1anna/CFL2nna sa cheardlann seo.  Cláraigh ar www.artsinjuniorcycle.ie

     

    Suíomh Gréasáin, Podchraoltaí agus Scannáin

    Chun tuilleadh eolais a fháil, lena n-áirítear na podchraoltaí agus na heisiúintí scannáin is déanaí atá againn, téigh chuig: www.artsinjuniorcycle.ie

  • Dáta a Postáladh: 08 February 2023

    Foireann Ceoil SSM Imeacht Aghaidh ar Aghaidh

    An bhfuil tú cláraithe dár gceardlann Ceoil DLT roghnach dar teideal Amplifying the Learning?
    Dáta: Dé Sathairn 25 Feabhra 2023
    Láthair: Coláiste Náisiúnta na hÉireann, IFSC, Baile Átha Cliath 1

    Am: 9:30 - 3.30 in 

    Cláraigh anseo ar JCT Music DLT Registration Doc 

  • Dáta a Postáladh: 04 February 2023

    Staidéir Gnó

    Beidh imeacht foghlama ar líne ‘Exploring Ireland’s Membership of the European Union’ á reáchtáil ag Foireann SSM an Staidéir Ghnó le haoichainteoirí Billy Kelleher, (FPE), agus Patrick O’ Riordan, (Oifig Idirchaidrimh an Aontais Eorpaigh). Déanfar comóradh 50 bliain ar ár mballraíocht san Aontas Eorpach agus beidh naisc le Toradh Foghlama 3.8 ó Shonraíocht na Sraithe Sóisearaí don Staidéar Gnó.

    Dáta: Déardaoin 23ú Feabhra, 2023

    Am: 7:00 - 8:00 i.n. 

    Cliceáil ar an nasc seo le clárú.

  • Dáta a Postáladh: 01 February 2023

    Seimineár Gréasáin do Mhúinteoirí UBA / Comhordaitheoirí na Sraithe Sóisearaí

    Beidh seimineár gréasáin á óstáil ag foireann TFSS a dhíríonn ar an bpróiseas pleanála chun Próifíl Ghnóthachtála na Sraithe Sóisearaí 2022 (PGSS) a bhronnadh ar scoláirí a rinne an tSraith Shóisearach i mí an Mheithimh 2022.

    Dáta: Dé Máirt, 7 Feabhra 2023

    Am: 7:15 - 8:15 i.n.

    Imeacht: Seimineár Gréasáin ar Líne do Mhúinteoirí MRH / Comhordaitheoirí na Sraithe Sóisearaí

    Cláraigh trí chliceáil ar an nasc seo.

  • Dáta a Postáladh: 26 January 2023

    PGSS

    Tá na sonraí a bhaineann leis an bpróiseas chun Próifíl Ghnóthachtála na Sraithe Sóisearaí (PGSS) a chruthú do na scoláirí a chur an tSraith Shóisearach i gcrích i 2022 ar fáil anois. Is féidir cliceáil ar an nasc seo le tuilleadh eolais a fháil.

  • Dáta a Postáladh: 25 January 2023

    Na hEalaíona sa tSraith Shóirearach: Ceardlanna Roghnacha

    Get your World Turning leis an deileadóir Willie Creighton: 

    Is cúis áthais d’fhoireann na hEalaíona sa tSraith Shóisearach agus d’fhoireann Theicneolaíochtaí SSM (JCt4), i gcomhar leis an deileadóir Willie Creighton, ceardlanna ‘Get your World Turning’ a thairiscint arís go luath in 2023. 

    Beidh ocht gceardlann ar siúl i gceithre ionad scoile sna seachtainí amach romhainn  sna contaetha: Sligeach, Ciarraí, Uíbh Fhailí, agus Port Láirge. Tá na ceardlanna lán anois ach is féidir clárú fós le haghaidh liostaí feithimh ceardlainne. Tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin Ealaíona na Sraithe Sóisearaí, chun tuilleadh sonraí a fháil faoi imeachtaí na ceardlainne, agus chun clárú le haghaidh liosta feithimh ceardlainne. 

     

    SKETCH IT le Jim O’ Farrell 

    Tá lúcháir ar fhoireann na hEalaíona sa tSraith Shóisearach agus ar fhoireann Theicneolaíochtaí na Sraithe Sóisearaí, i gcomhar le múinteoir ábhair agus ealaíontóir Teicneolaíochtaí Jim O'Farrell atá ar scor, ceardlann sceitseála roghnach a thairiscint do mhúinteoirí na dteicneolaíochtaí. Tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin Ealaíona na Sraithe Sóisearaí, chun tuilleadh sonraí a fháil faoin gceardlann, agus chun clárú le haghaidh ceann de na ceardlanna SKETCH IT

  • Dáta a Postáladh: 23 January 2023

    STE(A)M

    Is cúis áthais do SSM a fhógairt go bhfuil an clárúchán ar oscailt anois don tsraith imeachtaí de chuid STE(A)M sa tSraith Shóisearach 2023. Má tá tuilleadh eolais uait nó más maith leat clárú cliceáil ar an nasc seo. 

  • Dáta a Postáladh: 18 January 2023

    Ceardlann Roghnach Oideachas Reiligiúnach

    Dáta: Dé Céadaoin, 25 Eanáir
    Am: 7.15-8.15 i.n.
    Imeacht: Imeacht foghlama ar líne
    Teideal: Seimineár Gréasáin chun cabhrú le dul i ngleic le Measúnú Rangbhunaithe 2: Tóraíocht Bhrí an Duine
    Is é fócas an tseimineáir ghréasáin seo forléargas a thabhairt do mhúinteoirí an Oideachais Reiligiúnaigh ar Mheasúnú Rangbhunaithe 2: Tóraíocht Bhrí an Duine. Déanfaidh an seimineár gréasáin seo iniúchadh ar a bhfuil i gceist leis an bpróiseas chun MRB 2 a dhéanamh laistigh de sheomra an Oideachais Reiligiúnaigh. Treoróidh sé múinteoirí freisin chuig acmhainní a forbraíodh chun cabhrú le scoláirí agus iad ag plé le MRB 2.
    Cláraigh trí chliceáil ar an nasc seo.

  • Dáta a Postáladh: 17 January 2023

    Ceardlann Roghnach Eolaíochta

    Dáta: Dé Máirt, 24 Eanáir
    Am: 7 i.n.
    Teideal: Scoláirí a fhorbairt d'Iniúchadh Eolaíochta sa tSochaí - Ag Bogadh i dtreo Mheasúnú Rangbhunaithe 2

    Is chun cabhrú le múinteoirí a gcuid scoláirí a fhorbairt i dtreo Mheasúnú Rangbhunaithe 2, Iniúchadh Eolaíochta sa Sochaí, atá an t-imeacht foghlama beo ar líne seo. Beidh an t-imeacht seo idirghníomhach agus is féidir le múinteoirí comhráite gairmiúla a bheith acu faoina dtaithí go dtí seo agus smaointe a phlé/a roinnt maidir leis an gcaoi is fearr chun scileanna imscrúdaithe ár gcuid scoláirí a fhorbairt ón 1ú bhliain. Rachaidh sé chun tairbhe go háirithe do mhúinteoirí nua nó dóibh sin atá ag filleadh ar Eolaíocht na Sraithe Sóisearaí nó d’aon mhúinteoirí ar mhaith leo comhoibriú tuilleadh ar an gcaoi is féidir chun na scileanna seo a chur i bhfeidhm i seomra na hEolaíochta. Cinnteoidh forbairt na scileanna taighde agus imscrúdaithe seo ón 1ú bhliain go mbeidh na scoláirí breá ábalta agus na scileanna riachtanacha acu le dul i ngleic le MRB 2 sa 3ú bhliain. Cláraigh trí chliceáil ar an nasc seo.

  • Dáta a Postáladh: 11 January 2023

    Ealaíona sa tSraith Shóisearach

    Cuireann Ealaíona sa tSraith Shóisearach réimse ceardlanna roghnacha ealaíon, ar líne agus go pearsanta, ar fáil atá oscailte do mhúinteoirí na Sraithe Sóisearaí ó gach disciplín ábhair.

    Cláraigh dár gceardlanna go léir ar www.artsinjuniorcycle.ie

     

    NUA in Earrach 2023!
    Téacsanna a Chruthú & Scéalta a Insint: Ceardlann Déanta Zine* 
    Dáta: Dé Sathairn 21 Eanáir 2023 
    Am: 10.30r.n. - 3.30i.n.
    Ionad: Músaem Litríochta na hÉireann (MoLI), Faiche Stiabhna, Baile Átha Cliath 2
    Bígí linn le haghaidh ceardlann déanta mion-irise i bpearsa ag MoLI leis an scríbhneoir, file agus déantóir mion-irisí, Sarah Maria Griffin.   Bheadh spéis ar leith sa cheardlann seo ag na múinteoirí  sin a bhíonn ag múineadh scoláirí le Béarla mar Theanga Bhreise agus múinteoirí atá ag obair le scoláirí atá ag tabhairt faoi CFL1/CFL2.
    Déanfaidh rannpháirtithe:
    • Iniúchadh ar shaol déanta mion-irise 
    • Smaoineamh ar úsáid mion-irisí mar théacsanna ilmhódacha sa seomra ranga
    • Iniúchadh ar chuir chuige i leith mion-irisí a dhéanamh tar éis dóibh spreagadh a fháil ó mhórthimpeall an mhúsaeim
    • Comhoibriú le rannpháirtithe eile chun eispéireas na ceardlainne a fheabhsú agus a shaibhriú 
    *Is saothar beagscála, féinfhoilsithe é zine, cosúil le mion-iris, ar féidir leis díriú ar ábhair éagsúla. D'fhéadfadh scríbhneoireacht agus/nó íomhánna a bheith ann agus is féidir leis a bheith ina fhoilseachán digiteach freisin a thairgeann deiseanna d'ábhar fuaime agus amhairc.
    Cláraigh ar www.artsinjuniorcycle.ie

     

    Scéalaíocht Dhigiteach le Beochan Íomhá ar Íomhá
    Dátaí: Luan 23 Eanáir & Máirt 7 Feabhra 2023 
    Amanna: 5.00i.n. - 6:30i.n.
    Ionad: Zoom
    Forbartha le Peter Baxter ó createschool.ie, díríonn an dá cheardlann ar líne seo ar scéalta a bhaint den pháipéar agus a gcur isteach i spás digiteach. 
    Déanfaidh rannpháirtithe: 
    • Iniúchadh ar an gcaoi chun scéalta a insint trí mheán na scannán beochana íomhá ar íomhá
    • Smaoineamh ar nithe a dhéanann scéal maith agus foghlaimeoidh siad conas smaointe a mhúnlú ina scéalta simplí 
    • Fiosrú ar an gcaoi ar féidir le gléasanna digiteacha scéalta a ghabháil agus a fheabhsú 
    • Trialacha ar rudaí neamhbheo a bheochan agus seiteanna agus cúlraí simplí a chruthú 
    • Comhoibriú, smaointe a roinnt, agus machnamh i spás sábháilte, tacúil ar líne 
    • Obair ar mhodheolaíochtaí praiticiúla agus cruthaitheacha a d'fhéadfaí a úsáid i gcleachtas gairmiúil sa seomra ranga 

     

    Códú Cruthaitheach le LERO

    Dáta: Déardaoin 19 Eanáir 2023
    Am: 7:00i.n. - 8.30i.n. 
    Ionad: Zoom 
    Is í seo an cheardlann deiridh sa tsraith a forbraíodh le LERO agus atá deartha chun tacú le rannpháirtíocht le gearrchúrsa na sraithe sóisearaí i gCódú. 

    Cláraigh ar www.artsinjuniorcycle.ie

     

    Cuir do Dhomhan ag Casadh 

    27, 28 Eanáir 3, 4, 10, 11 Feabhra 3, 4 Márta 2023 

    Tá na hEalaíona sa tSraith Shóisearach agus Foireann Teicneolaíochtaí SSM (JCt4) tar éis comhoibriú le deileadóir adhmaid gairmiúil, Willie Creighton, sa tsraith ceardlann phraiticiúil deileadóireachta adhmaid seo.

    Cláraigh ar www.artsinjuniorcycle.ie

     

    DesignCIRCLE 2022-23

    Tá líon beag áiteanna fós ar fáil in DesignCIRCLE 2022/23. Tugann an pobal cleachtais ar líne seo deis do mhúinteoirí ó ábhar ar bith próisis chruthaitheacha a iniúchadh in éineacht le dearthóir gairmiúil. 
    Cláraigh ar www.artsinjuniorcycle.ie

     

    Suíomh Gréasáin, Podchraoltaí agus Scannáin 

    Chun tuilleadh eolais a fháil, lena n-áirítear an podchraoladh agus na heisiúintí scannáin is déanaí atá againn, téigh chuig: www.artsinjuniorcycle.ie

  • Dáta a Postáladh: 06 January 2023

    Nóta Faisnéise TC 0011/2022

    Is féidir teacht ar Nóta Faisnéise TC 0011/2022, foilsithe ag an Roinn Oideachais trí chliceáil ar an nasc seo. Tugann sé nuashonruithe ar chur i bhfeidhm an Chreata don tSraith Shóisearach go háirithe don scoilbhliain 2022/2023. Tá sé le léamh i gcomhar le Ciorclán 0059/2021 atá ar fáil anseo.

  • Dáta a Postáladh: 22 November 2022

    OSPS

    Tá comhairliúchán maidir leis an bPáipéar Eolais agus an gCoimre d'athfhorbairt OSPS na Sraithe Sinsearaí oscailte anois agus fanfaidh sé oscailte go dtí Dé Máirt an 6 Nollaig 2022.

    Is féidir an Páipéar Eolais agus an Choimre d'athfhorbairt OSPS na Sraithe Sinsearaí a léamh agus aiseolas a thabhairt trí shuirbhé ar líne nó trí aighneacht scríofa anseo.

  • Dáta a Postáladh: 14 November 2022

    Cruinniú Pobail Cleachtais do mhúinteoirí ag a bhfuil na hUaireanta Bainistíochta Acmhainní a leithdháileadh ar scoileanna

    Tá foireann TFSS tar éis athsceidealú a shocrú den chruinniú beo, idirghníomhach Pobail Chleachtais ar líne do mhúinteoirí ag a bhfuil na hUaireanta Bainistíochta Acmhainní a leithdháileadh ar scoileanna, don Déardaoin, 17 Samhain ó 7:00-8:30pm ag baint úsáid as an ardán Zoom. Díreoidh an cruinniú ar líne ar phleanáil straitéiseach do phearsanra UBA. Ní thaifeadfar an cruinniú. Cláraigh ag baint úsáid as an nasc seo 

  • Dáta a Postáladh: 24 October 2022

    Seisiúin Roghnacha Nua Ealaíon ó Shamhain 2022

    Cláraigh dár n-imeachtaí go léir ar www.artsinjuniorcycle.ie

     

    Códú Cruthaitheach 
    Ealaíona sa tSraith Shóisearach le Lero, Ionad Taighde Bogearraí Fhondúireacht Eolaíochta Éireann 
    Trí cheardlann ar líne atá deartha chun cabhrú le rannpháirtíocht le códú cruthaitheach sa tSraith Shóisearach. Ceardlann 1 HTML / CSS, Ceardlann 2 SCRATCH, Ceardlann 3 PYTHON.
    Dátaí: Máirt 8 Samhain 2022, Céad 7 Nollaig 2022, Déardaoin 19 Eanáir 2023
    Ionad: Ar Líne
    Am: 7:00 i.n. - 8:30 i.n.

     

    Carousel: Amharclann Taiscéalaíochta 
    Ealaíona sa tSraith Shóisearach le hAmharclann Óige Éireann
    Bí linn in Ollscoil Mhá Nuad le haghaidh ceardlanna praiticiúla amharclainne in Commedia Dell 'Arte, Comhrac Ardáin, agus Teicnící Ceaptha Drámaíochta, iad uile in aon lá amháin. 
    Dáta: Sath. 12 Samhain 2022
    Ionad: Ollscoil Mhá Nuadh (Campas Thuaidh)
    Am: 10.00 r.n. - 3.30 i.n.

     

    Criadóireacht Lámhtógtha 
    Ealaíona sa tSraith Shóisearach leis an gceirmeoir agus ealaíontóir, Mairead Stafford
    Déan iniúchadh, trialacha agus cruthú sna ceardlanna stiúideo bhunaithe seo leis an gceirmeoir agus ealaíontóir Mairead Stafford. 
    Dátaí: Sath 12 agus Sath 26 Samhain 2022 
    Ionad: Criadóireacht Bhaile Uí Fhaoláin, Co Loch Garman
    Am: 10:30 r.n. - 3:30 i.n.

     

    Na Fíricí a Sheiceáil
    Ealaíona sa tSraith Shóisearach le Ricardo Castellini da Silva 
    Téigh i ngleic le bréagaisnéis agus le mífhaisnéis sa cheardlann phraiticiúil theagmhálach seo atá deartha chun cabhrú le litearthacht sna meáin dhigiteacha. 
    Dáta: Sath 19 Samhain 2022
    Ionad: Ionad Oideachais Iarthar Bhaile Átha Cliath 
    Am: 10:15 r.n. - 3:30 i.n.

     

    Bunús na Beochana
    Ealaíona sa tSraith Shóisearach le Rory Conway 
    Faigh léargas sa cheardlann phraiticiúil aon lae seo ar na próisis agus ar na modheolaíochtaí a úsáideann beochantóir gairmiúil a bhfuil duaiseanna bainte aige.
    Dáta: Sath 19 Samhain 2022
    Am: 10:15 r.n. - 3:30 i.n.
    Ionad: Coláiste Port Laoise, Co Laois

     

    Straitéisí Amharcsmaointeoireachta 
    Ealaíona sa tSraith Shóisearach leis an ealaíontóir Claire Halpin agus Dánlann na Lánaí Arda, Droichead Átha
    Dhá cheardlann Straitéisí Amharcsmaointeoireachta (VTS),  a thugann deis i dtimpeallacht chomhoibríoch agus thacúil taithí a fháil ar an modh VTS chun breathnú ar rudaí. 
    Dátaí: Sath 19 Samhain 2022 agus Sath 3 Nollaig 2022
    Ionad: Dánlann na Lánaí Arda, Droichead Átha
    Am: 10:30 r.n.- 3:30 i.n.

     

    Líníocht sa Spás 
    Ealaíona sa tSraith Shóisearach leis an dealbhóir John Langan agus Scoil Deartha & Ealaíona Cruthaitheacha, Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh (OTA)
    Tugann an cheardlann seo deis an cultúr físiúil a fhiosrú le béim ar ealaíontóirí atá ag obair sa timpeallacht, agus do fhreagraí ealaíne féin a fhorbairt ag baint úsáid as ábhair agus as meáin inbhuanaithe.  
    Dáta: Sath 26 Samhain 2022
    Ionad: Scoil Deartha & Ealaíona Cruthaitheacha, Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh (OTA)
    Am: 10:15 r.n. - 4:00 i.n. 

     

    Chun tuilleadh eolais a fháil, tabhair cuairt ar ár suíomh gréasáin www.artsinjuniorcycle.ie
    Foireann na nEalaíon sa tSraith Shóisearach

  • Dáta a Postáladh: 17 October 2022

    Ceol

    Beidh Ceardlann Roghnach ‘Ag Pleanáil do Cheol na Sraithe Sóisearaí’ ar siúl ar an gCéadaoin 19ú Deireadh Fómhair óna 7-9i.n. Ag súil le hócáid iontach. Clárúchán agus eolas ar fáil ag an nasc seo.

  • Dáta a Postáladh: 12 October 2022

    Fómhar 2022 Ceardlanna Roghnacha Ealaíon

    Tá an-áthas orainn  níos mó ceardlanna roghnacha ealaíon a dheimhniú, atá oscailte do mhúinteoirí na Sraithe Sóisearaí ó gach ábhar.  Féach thíos le haghaidh na sonraí. 

     

    NUA!
    Domhain a Chruthú: Dearadh Seit

    20 Deireadh Fómhair   
    Ionad: ar líne
    Am: 7:30i.n. – 8:30i.n.
    Ar  mhaith leat do mhionsamhail seit féin a dhearadh agus a chruthú?
    Bí linn i gcomhair Domhain a Chruthú,  sraith ceardlanna dearaidh seit a forbraíodh leis an ealaíontóir Joanne Donohoe agus a dearadh chun tacú leat agus spreagadh a thabhairt duit chun do ghuth cruthaitheach agus d’aeistéitic dhearaidh féin a iniúchadh.
    Tuilleadh ar www.artsinjuniorcycle.ie
     
    NUA!
    Na  Turgnaimh Chothabhála
    Dáta: Sath. 22 Deireadh Fómhair 2022 
    Ionad:  Gailearaí de Buitléir, Cill Chainnigh
    Am: 10:30r.n. – 3:30i.n.
    Bí linn le haghaidh ceardlann nua, ilchéadfach ina ndéantar iniúchadh ar thaispeántas Na Turgnaimh Chothabhála leis an ealaíontóir Deirdre O'Mahony i  nGailearaí de Buitléir, Cill Chainnigh. Deis iniúchadh a dhéanamh ar an gcaoi a mbíonn ealaíontóir ag idirghníomhú,  i mbun taighde agus faoi thionchar an chomhshaoil agus an domhain fhisiciúil (sláinte ithreach,  stair agus táirgeadh bianna, feirmeoireacht, éiceolaíocht áiteanna  tuaithe agus athrú aeráide).
    Cláraigh ar www.artsinjuniorcycle.ie
     
    NUA!
    Creatlach Shóisialta

    Dáta: Máirt 1 Samhain 2022 
    Ionad: Áras Nua-Ealaíne na hÉireann  (IMMA) 
    Am: 10:30r.n. – 4:00i.n.
    Tugann na hEalaíona sa tSraith Shóisearach maille le scéalta snáithe amharc-ealaíontóirí  agus Áras Nua-Ealaíne na hÉireann (ANEÉ) deis do rannpháirtithe leas a bhaint as an gcreat Slow Looking chun díchódú a dhéanamh ar íomhánna éagsúla agus brí a bhaint astu mar spreagadh chun dromchla agus foirm a iniúchadh trí theicstílí. 
    Cláraigh ar www.artsinjuniorcycle.ie
     
    Ar ais de bharr éileamh an phobail!
    Cuir do Dhomhan a Chasadh 
    Deireadh Fómhair – Samhain 2022 
    Chomhoibrigh na hEalaíona sa tSraith Shóisearach agus Foireann Teicneolaíochtaí SSM  (JCt4) arís leis an deileadóir adhmaid gairmiúil Willie Creighton sa tsraith ceardlann adhmadóireachta theagmhálach seo.   Beidh blaiseadh ag rannpháirtithe ar réimse teicnící casaidh speisialaithe lena n-áirítear casadh deighilte agus lannaithe.
    Beidh10 gceardlann ar fad ar siúl i rith mhí Dheireadh Fómhair agus mhí na Samhna in ionaid réigiúnacha éagsúla.  Tabhair cuairt ar www.artsinjuniorcycle.ie do dhátaí, ionaid agus amanna.  Tá teorainn dhocht ar líon na n-áiteanna. 
    Cláraigh ar www.artsinjuniorcycle.ie

  • Dáta a Postáladh: 05 October 2022

    Fómhair 2022: Imeacht Foghlama ar líne

    Beidh Imeacht Foghlama ar líne 2022 ar siúl ón Luan 24ú Deireadh Fómhair go dtí Déardaoin 27ú Deireadh Fómhair 2022. Is féidir le múinteoirí clárú chun freastail ar imeacht nó imeachtaí a bheidh ar siúl ar líne le linn na seachtaine sin agus tá réimse ábhair/topaicí ar fáil. Cláraigh inniu tríd na naisc ar an Leathanach d'Imeachtaí Foghlama ar Líne

  • Dáta a Postáladh: 05 October 2022

    MathsMeet 2022

    Is comhdháil chomhpháirteach í  MathsMeet 2022 atá eagraithe ag an tSeirbhís Um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí (PDST), an tSraith Shóisearach do Mhúinteoirí (JCT) agus Cumann Múinteoirí Máta na hÉireann (IMTA).

    Is í sprioc na comhdhála ná staidéar ar an Mhatamaitic a chur chun cinn, chomh maith leis an gcleachtas is fearr i dteagasc, foghlaim agus measúnú a roinnt agus deiseanna a chruthú chun an tuiscint ar oideachas na matamaitice a chur chun cinn ag leibhéal na bunscoile, iar-bhunscoile agus ag an tríú leibhéal.

    Beidh an chomhdháil seo ar siúl in Ollscoil Mhaigh Nuad ar an Satharn 15ú Deireadh Fómhair. Is cúis áthais é Ed Southall a bheith i láthair mar spreagchainteoir agus Andrew Jeffrey a bheith i láthair mar aoi speisialta, a bhuí le Seachtain an Mháta in Éirinn. Féach ar www.mathsmeet.com don chlár iomlán agus le clárú.

  • Dáta a Postáladh: 04 October 2022

    Ár mbuíochas le gach duine atá ag freastal ar cheardlanna ar líne, atá ar fail do mhúinteoirí a mhúineann breis is ábhar amháin.  Is gá clárú, agus is féidir é sin a chinntiú le do phríomhoide scoile.  Tá na hacmhainní a úsáidtear le linn na gceardlanna seo ar fáil ag an nasc seo: NASC

  • Dáta a Postáladh: 26 September 2022

    Nuachtlitir na Roinne Oideachais ar Oideachas don Fhorbairt Inbhuanaithe

    Tá an 8ú foilsiú nuachtlitir na Roinne Oideachais ar Oideachas um Fhorbairt Inbhuanaithe (OFI) ar fáil anseo. Coinneoidh nuachtlitir na Roinne Oideachais ar Oideachas don Fhorbairt Inbhuanaithe (OFI) tú ar an eolas faoin nuacht is déanaí maidir le OFI. Gheobhaidh tú inspioráid, smaointe, naisc agus acmhainní úsáideacha chun cabhrú leat do pháirt a ghlacadh i bhforbairt inbhuanaithe. Ta cur síos ar SSM- ETI(E)M ag an tSraith Shóisearach ar leathanach 29 & 30.

  • Dáta a Postáladh: 23 September 2022

    Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte / Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta

    Nóta meabhrúcháin - tá comhairliúchán ar churaclam nuashonraithe OSPS na sraithe sóisearaí fós oscailte - go dtí an 18 Deireadh Fómhair 2022.

    Léigh an Dréachtsonraíocht Churaclaim um Ghearrchúrsa Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte (OSPS) na Sraithe Sóisearaí.

    Dearadh an gearrchúrsa OSPS le haghaidh 100 uair an chloig (méadú ón 70 uair an chloig) de rannpháirtíocht an scoláire lena theagasc thar trí bliana na sraithe sóisearaí.

    Suirbhé Aiseolais OSPS don mhúinteoir

    Suirbhé Aiseolais OSPS don scoláire

    Is féidir na haighneachtaí scríofa ar fad a sheoladh chuig: SPHEdevelopments@ncca.ie

  • Dáta a Postáladh: 23 September 2022

    Cruinniú ar Líne do Mhúinteoirí le hUaireanta Acmhainne Bhainistíochta

    Beidh cruinniú do Mhúinteoirí le hUaireanta Acmhainne Bhainistíochta ar siúl ar líne ar an Déardaoin, 6 Deireadh Fómhair 2022 idir 7 i.n. agus 8.30 i.n. Beidh cúrsaí pleanála maraon le clárú ar Jct Registration á phlé ar an oíche. Cláraigh anseo.

  • Dáta a Postáladh: 15 September 2022

    Comórtas Filíochta

    I gcomhar le hIMRAM, tá dhá thionscnamh nua spreagúla seolta ag Éigse Éireann a bhfuil sé mar aidhm acu an Ghaeilge a spreagadh mar chuid dá gclár iar-bhunscoile.

    Is comórtas píolótach trí Ghaeilge é Guth na hÉigse. Mar chuid de Guth na hÉigse tá Comórtas Labhartha Filíochta agus Comórtas Duais Bashō Haiku, comórtas haiku Béarla agus Gaeilge. Is é an 4 Deireadh Fómhair 2022 an spriocdháta d’iontrálacha Guth na hÉigse agus leanann an spriocdháta do Chomórtas Filíochta Duais Bashō Haiku ina dhiaidh sin ar an 24 Deireadh Fómhair 2022. Beidh Gabriel Rosonstock ina mholtóir.

    Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo.

  • Dáta a Postáladh: 09 September 2022

    Cumann Tacaíochta Foghlama na hÉireann

    Tá SSM ag tnúth go mór le ceardlann dár teideal ‘'UDL- Every Child in every classroom' a chur i láthair ag comhdháil oideachais CTFE ar 23 Meán Fómhair 2022. Tá ticéid ar fáil ar shuíomh idirlín CTFE anseo.

  • Dáta a Postáladh: 09 September 2022

    Socruithe Measúnachta do na Scrúduithe Teastais 2023

    Leagtar amach sa doiciméad nuashonraithe seo na socruithe measúnachta leasaithe do scoláirí iarbhunscoile a dhéanfaidh scrúduithe teastais sa scoilbhliain 2022/23.

    Cé go raibh laghdú ar an gcur isteach ar an eispéireas foghlama mar gheall ar Covid-19 in 2012/22 i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin, deartar na socruithe seo chun an cur isteach ar fhoghlaim na scoláirí i rith na paindéime COVID-19 a chur san áireamh.

  • Dáta a Postáladh: 07 September 2022

    MRB - Socruithe athbhreithnithe, 2022/2023

    Tá na socruithe athbhreithnithe chun Measúnuithe Rangbhunaithe a chur i gcrích le haghaidh scoláirí sa tríú bliain agus sa dara bliain, 2022/2023 ar fáil anseo.

  • Dáta a Postáladh: 06 September 2022

    CNCM - Gnó na hArdteistiméireachta

    Mar chuid den athfhorbairt níos leithne ar an tSraith Shinsearach táthar ag súil go gcuirfear an tsonraíocht nua don Gnó bhfeidhm i scoileanna líonra ó Meán Fómhair 2024. Tá comhairliúcháinn poiblí ar athbhreithniú ar Ghnó na hArdteistiméireachta ar bun faoi láthair. Is féidir páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán ar bhealaí difriúla anseo.

    Dúnfaidh an comhairliúcháinn ar an 28 Deireadh Fómhair, 2022 ag 5.00in

  • Dáta a Postáladh: 05 September 2022

    Coigeartuithe ar Scrúduithe Stáit, 2023

    Tá sé fógartha ag  an Aire Oideachais Norma Foley TD go ndéanfar coigeartuithe ar na socruithe measúnaithe do scoláirí atá le scrúduithe Stáit a dhéanamh in 2023, ionas go gcuirfí san áireamh an cur isteach ar a gcuid foghlama a tharla le linn phaindéim COVID-19.

    Eiseofar chuig scoileanna cáipéis ina sonraítear na socruithe measúnaithe coigeartaithe do gach ábhar/ tuairiscín modúil san Ardteistiméireacht Bhunaithe, Ardteistiméireacht Fheidhmeach, Gairmchlár na hArdteistiméireachta agus cláir na Sraithe Sóisearaí agus iarrfar ar scoileanna a chinntiú go gcuirfear gach scoláire ar an eolas faoi na hathruithe sin.

  • Dáta a Postáladh: 02 September 2022

    OSPS - Comhairliúcháin ar Chúrsaí Scoile (CNCM)

    Dá mba mhaith le do scoil cúnamh a thabhairt do CNCM chun comhairliúcháin atá bunaithe ar chúrsaí scoile a stiúradh le cuid de do scoláirí agus múinteoirí OSPS léirigh do spéis roimh 2.00pm Dé hAoine, an 9 Meán Fómhair.

  • Dáta a Postáladh: 30 August 2022

    Ag féachaint ar ár scoil 2022

    Beidh an leagan Gaeilge den doiciméad nua seo ar fáil go luath ag an nasc seo.

  • Dáta a Postáladh: 30 August 2022

    COMHOIBRIÚ SCOILE ASEF CLASSNET 2022

    Dáta deiridh*Sínte* le haghaidh iarratas  – oscailte anois go dtí an 12 Meán Fómhair, 2022.  Nascann Líonra Seomra Ranga Fhondúireacht na hÁise agus na hEorpa (#ASEFClassNet) scoláirí meánscoile, múinteoirí & ceannairí scoile, oiliúnóirí múinteoirí, taighdeoirí, lucht déanta beartais agus saineolaithe EdTech ó 51 tír Chomhpháirtíochta an ASEM. Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo.

    Bíonn na tionscadail ar siúl ó Mhí Mheán Fómhair agus táthar ag súil go mbeidh siad curtha i gcrích faoi Nollaig 2022 (Imeacht Fíorúil). Ní mór do mhúinteoirí rannpháirteacha gealltanas a thabhairt circa 2-4 uair an chloig sa tseachtain a chur i leataobh chun páirt iomlán a ghlacadh.

    Níl aon táille iarratais ná rannpháirtíochta i gceist.

  • Dáta a Postáladh: 23 August 2022

    Earcaíocht

    Beidh na deiseanna seo a leanas ar fáil ag SSM sna habhair thíosluaite sa scoilbhliain 2022/2023;

    • Eacnamaíocht Bhaile
    • Staidéar Gnó
    • Gaeilge
    • An Stair
    • Béarla
    • Matamaitic
    • Nuatheangacha Iasachta

    Tá tuilleadh sonraí faoi na poist sin go léir, lena n-áirítear cur síos ar an bpost agus foirm iarratais, ar fáil anseo.

    Is é an 2 Meán Fómhair 2022 ag 4 i.n. an spriocdháta a nglacfar le hiarratais.

  • Dáta a Postáladh: 17 August 2022

    CNCM - Bord don tSraith Shóisearach

    Tá beirt á lorg ag CNCM le bheith ag obair mar bhaill den Bhord don tSraith Shóisearach. Más oideachasóir nó taighdeoir tú atá ag obair laistigh nó lasmuigh den earnáil oideachais fhoirmiúil, tá suim ag an gComhairle éisteacht leat.

    Comhlánaigh an fhoirm ‘léirithe spéise’ faoin Aoine, 16 Meán Fómhair ag 5.00in.

  • Dáta a Postáladh: 18 July 2022

    Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte / Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta

    Tá comhairliúchán ar churaclam nuashonraithe OSPS na sraithe sóisearaí oscailte anois. 

    Léigh an Dréachtsonraíocht Churaclaim um Ghearrchúrsa Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte (OSPS) na Sraithe Sóisearaí.

    Dearadh an gearrchúrsa OSPS le haghaidh 100 uair an chloig (méadú ón 70 uair an chloig) de rannpháirtíocht an scoláire lena theagasc thar trí bliana na sraithe sóisearaí.

    Fanfaidh an comhairliúchán ar oscailt go dtí an 18 Deireadh Fómhair 2022.

    Suirbhé Aiseolais OSPS don mhúinteoir

    Suirbhé Aiseolais OSPS don scoláire

    Is féidir na haighneachtaí scríofa ar fad a sheoladh chuig: SPHEdevelopments@ncca.ie

  • Dáta a Postáladh: 28 June 2022

    Nuachtlitir na Roinne Oideachais ar Oideachas don Fhorbairt Inbhuanaithe (OFI)

    Tá an t-eagrán is déanaí den nuachtlitir áirithe seo ar fáil anseo.

    Coinneoidh nuachtlitir na Roinne Oideachais ar Oideachas don Fhorbairt Inbhuanaithe (OFI) tú ar an eolas faoin nuacht is déanaí maidir le OFI.

    Líon isteach an fhoirm anseo chun síntiús a ghlacadh.

    Má tá tú ag iarraidh píosa nuachta a chur sa chéad eagrán eile, seol r-phost díreach chuig an bhfoireann ag: ESD@education.gov.ie

  • Dáta a Postáladh: 21 June 2022

    Tá an CNCM ag lorg daoine a bheidh ag obair ar choistí forbartha na Sraithe Sinsearaí. Tosóidh na grúpaí seo a bheith ag obair le chéile i mí Mheán Fómhair, 2022. Beidh áit lárnach ag na daoine seo i Sonraíochtaí a chur le chéíle sna hábhair seo a leanas;

    Gnó

    Gníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe

    Drámaíocht, Scannánaíocht agus Amharclannaíocht

    Dáta deiridh – 19 Lúnasa 2022

  • Dáta a Postáladh: 17 June 2022

    An Béarla Mar Theanga Bhreise – Cúrsa Samhraidh

    Beidh an cúrsa thuasluaite ar siúl ar líne, (15-19 Lúnasa). Cláraigh le d'ionad oideachais áitiúil. Tá tuilleadh eolais le fáil ar an bpóstaer thíos. 

  • Dáta a Postáladh: 08 June 2022

    Coimisiún na Scrúduithe Stáit - Bainisteoir Scrúduithe agus Measúnaithe

    Tá folúntais ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit faoi láthair. Tá tuilleadh eolais maraon le foirmeacha iarratais le fáil ag na naisc thíosluaite.

    B.S.M. - Staidéir Foirgníochta

    B.S.M. - Innealtóireacht

    B.S.M. - Ceol

    Dáta Deiridh le haghaidh Iarratais: 23 Meitheamh 2022

  • Dáta a Postáladh: 02 June 2022

    Clár Samhraidh 2022

    D’fhógair an Roinn Oideachais le déanaí go gcuirfear cláir oideachais samhraidh leathnaithe ar fáil do dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais chasta acu agus dóibh siúd is mó atá i mbaol míbhuntáiste oideachais le linn an tSamhraidh 2022. Tá tuilleadh eolais le fáil anseo.

  • Dáta a Postáladh: 01 June 2022

    Uaireanta acmhainne gairmiúla agus bainistíochta a leithdháileadh

    Chinn an Roinn leanúint, ar bhonn eatramhach, leis na huaireanta acmhainne gairmiúla agus bainistíochta a leithdháileadh don scoilbhliain 2022/23. Tá litir le tuilleadh eolais seolta ón Roinn Oideachais chuig gach scoil. Tá neart áiseanna ar fáil do mhúinteoirí le hUaireanta Acmhainne Bhainistíochta anseo.

  • Dáta a Postáladh: 01 June 2022

    Nuachtlitir – JCToday

    Tá an t-eagrán is déanaí de Nuachtlitir SSM ar fáil as Gaeilge anseo. Tá súil againn go mbainfidh sibh idir thaitneamh agus tairbhe as. Ta léargas iontach ar fáil ar réímse leathan d’imeachtaí a bhí ar siúl trasna na heagraíochta SSM.

  • Dáta a Postáladh: 01 June 2022

    Taispeántas Grafaice RIAI 2022

    Tá ríméad ar Institiúid Ríoga Ailtirí na hÉireann (RIAI) agus ar fhoireann Ghrafaice JCt4 a fhógairt go bhfuil an taispeántas "An Intleacht ag spraoi is ea an Chruthaitheacht" ar fáil anois le breathnú air ar shuíomh gréasáin RIAI.  Chun cuairt a thabhairt ar an taispeántas cliceáil anseo nó ar an íomhá thíos.  Is féidir obair na scoláirí a fheiceáil san Fhíseán Taispeántais agus i nGailearaí Fíorúil ar féidir siúl tríd.

  • Dáta a Postáladh: 26 May 2022

    FGL TFSS do 2022/2023

    Beidh scoileanna i ndiaidh litir a fháil maidir le sceidealú lá pleanála agus féinmheastóireachta na scoile uile do chur i bhfeidhm na Sraithe Sóisearaí 2022/2023.

    Is é téama cheardlann TFSS na bliana seo chugainn athbhreithniú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na Sraithe Sóisearaí in bhur scoil agus réimsí a aithint atá le daingniú agus le forbairt tuilleadh. Tá tuilleadh sonraí faoin gceardlann seo don fhoireann iomlán le fáil i mBróisiúr FGL TFSS. Is é Dé Luain, an 12 Meán Fómhair 2022 an lá is luaithe le haghaidh áirithintí. Téigh i dteagmháil le d'Fhoireann Réigiúnach chun do lá TFSS a chur in áirithe.

  • Dáta a Postáladh: 26 May 2022

    EsiNet – Nuashonrú ar Thuairisciú ar Fholláine

    Eisíodh teachtaireacht tábhachtach chuig gach Príomhoide iar-bhunscoile tríd EsiNet maidir leis an Tuairisciú ar Réimsí Foghlama Folláine sa tSraith Shóisearach 2022. Seiceáil do bhosca isteach le haghaidh sonraí.

  • Dáta a Postáladh: 25 May 2022

    JCt4 - Nuashonruithe MRB 2

    Grafaic: D'fhoilsigh an CNCM an fearann don Mheasúnú Rangbhunaithe (MRB) 2 – Scileanna cur i láthair grafacha sa Ghrafaic, atá le cur i gcrích ag scoláirí tríú bliana sa bhliain acadúil 2022/2023. Is féidir teacht ar an bhfearann tríd an bpainéal glas ar rannán na Grafaice de www.curriculumonline.ie.

    Innealtóireacht: D'fhoilsigh an CNCM an téama do Mheasúnú Rangbhunaithe (MRB) 2 - Taighde agus forbairt san Innealtóireacht do scoláirí sa tríú bliain sa bhliain acadúil 2022/2023. Is féidir teacht ar an téama tríd an bpainéal glas ar rannán na hInnealtóireachta de www.curriculumonline.ie.

  • Dáta a Postáladh: 19 May 2022

    Lá Náisiúnta Líníochta – Dé Sathairn 21 Bealtaine

    Gach bliain, spreagann Gailearaí Náisiúnta na hÉireann, mar aon leis an iliomad músaem, dánlann, leabharlann agus eagraíochtaí cultúrtha ó gach cearn d'oileán na hÉireann, spreagann siad daoine pictiúr a tharraingt ar an Lá Náisiúnta Líníochta.

    I measc an réimse imeachtaí tá ceardlanna sceitseála agus gníomhaíochtaí a réitíonn go han-mhaith leis na hábhair Theicneolaíochta agus atá oiriúnach do gach leibhéal rannpháirtíochta.

    Cliceáil anseo nó ar an íomhá thíos chun féachaint ar liosta de na heagraíochtaí comhpháirtíochta atá ag óstáil imeachtaí agus ceardlann i mbliana don Lá Náisiúnta Líníochta.

  • Dáta a Postáladh: 13 May 2022

    Ceol

    Dár gcomhghleacaithe ceoil go léir a bheidh ag glacadh páirt ina gcruinniú Athbhreithnithe ar Fhoghlaim agus ar Mheasúnú Ábhair sna seachtainí amach romhainn, cliceáil ar ár seimineár gréasáin 'A Shared Understanding: CBAs and the SLAR in Junior Cycle Music' chun teacht ar tuilleadh tacaíochta 

  • Dáta a Postáladh: 06 May 2022

    Scrúdaitheoirí 2022 - Coimisiún na Scrúduithe Stáit

    Tá folúntais ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit faoi láthair. Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo.

  • Dáta a Postáladh: 06 May 2022

    Ceiliúradh ar Lá na hEorpa 2022

    Deiseanna ábhair agus traschuraclaim do scoláirí na sraithe sóisearaí

    Lá na hEorpa, Luan 9 Bealtaine: lá nuair a dhéanaimid ceiliúradh mar mhuintir na hEorpa. Tá iliomad deiseanna ann do scoláirí na sraithe sóisearaí chun foghlaim faoin Aontas Eorpach trí mheán ábhar aonair. Anuas air sin, tá an fhéidearthacht ann do mhúinteoirí comhoibriú le comhghleacaithe ar théama Eorpach ar leith, ag baint leasa as cur chuige traschuraclaim, chun deis a thabhairt do scoláirí a bheith páirteach in eispéireas foghlama dírithe ar an Eoraip ach trí réimse peirspeictíochtaí ábhair.

    Is ceiliúradh é Lá na hEorpa ar shíniú Dearbhú Schuman ar an 9ú lá Bealtaine 1950; agus comóradh ar 50 bliain ó reifreann 1972 in Éirinn is ea an 10ú lá Bealtaine, reifreann inar chaith 81% vóta ar son ballraíocht i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa a bhaint amach. I mbliana, tá ceiliúradh á dhéanamh ag an Eoraip chomh maith ar Bhliain Eorpach na hÓige.

    Tá fáil ar an ábhar tacaíochta seo sna fo-rannáin ábhair ar an suíomh idirlín seo (faoi ‘Acmhainní’). Tá súil againn go mbeidh na hacmhainní cabhrach agus go mbainfidh do chuid scoláirí taitneamh as foghlaim faoin Eoraip agus faoin Aontas Eorpach agus iad ag cur lena scileanna, tuisceana agus luachanna agus iad i mbun machnaimh ar an bhfoghlaim. 

  • Dáta a Postáladh: 05 May 2022

    Áiseanna OSPS

    Táimid fíorbhuíoch do mhúinteoirí na tíre a d’fhreasail ar na ceardlanna OSPS le déanaí.

    Tá na hacmhainní go léir ar fáil as Gaeilge anseo.

  • Dáta a Postáladh: 27 April 2022

    Tionscadal Céim Suas

    Ba é aidhm uileghabhálach an Tionscadail Céim Suas tacú le scoileanna a rinne féinmheasúnú mar scoileanna a bhí cheana féin ag leibhéal éifeachtach maidir le forfheidhmiú an Chreata don tSraith Shóisearach (2015) agus réidh chun bogadh go leibhéal an-éifeachtach. Tá suíomh idirlín nua ar fáíl anseo.

  • Dáta a Postáladh: 07 April 2022

    Ceol

    Tá an t-ábhar go léir ónár gceardlann FGL is déanaí dar teideal ‘Gaolmhaireacht i gCeol na Sraithe Sóisearaí’ ar fáil le híoslódáil ónár suíomh gréasáin. Chun teacht ar an ábhar seo, cliceáil anseo

  • Dáta a Postáladh: 06 April 2022

    SMM Ceannaireacht

    Pleanáil do Chlár Folláine na Sraithe Sóisearaí - Plé painéil beo le seisiún ceisteanna agus freagraí

    Dé Máirt, 26 Aibreán 11.30am

    • > Glacfaidh Ceannairí scoile agus Ceannaire Foirne SSM páirt i bPlé Painéil Beo gearr faoi conas Chlár Folláine na Sraithe Sóisearaí a phleanáil le seisiún ceisteanna agus freagraí ina dhiaidh sa cheardlann seo ar líne.
    • > Is féidir clárú trí Imeachtaí Foghlama ar Líne a bhrú ar leathanach baile SSM www.jct.ie 

    Nó ag an nasc seo: https://jct-ie.zoom.us/meeting/register/tJcqc-2orT0sEtQPANIwnPciJlzL554vE3yZ

  • Dáta a Postáladh: 05 April 2022

    Oideachas don Fhorbairt Inbhuanaithe Nuachtlitir

    Tá an séú Eagrán den nuachtlitir mar gheall ar Oideachas don Fhorbairt Inbhuanaithe (OFI) foilsithe ag an Roinn Oideachais agus tá sí ar fáil trí chliceáil ar an nasc seo

  • Dáta a Postáladh: 24 March 2022

    NTI

    Tá na hacmhainní gaolmhara ar fad ón gceardlann roghnach NTI a bhí ar siúl le déanaí dar teideal Cumarsáid ó bhéal i Nuatheangacha Iasachta na Sraithe Sóisearaí ar fáil trí chliceáil ar an nasc seo.  

    Tacaíonn an cheardlann seo le múinteoirí agus iad ag forbairt na scileanna a bhaineann le cumarsáid ó bhéal i seomra ranga NTI na Sraithe Sóisearaí. 

  • Dáta a Postáladh: 23 March 2022

    Imeacht Foghlama an Earraigh ar líne 2022

    Beidh Imeacht Foghlama an Earraigh ar líne 2022 ar siúl ón Luan 4ú Aibreán go dtí Déardaoin 7ú Aibreán 2022. Is féidir le múinteoirí clárú chun freastail ar imeacht nó imeachtaí a bheidh ar siúl ar líne le linn na seachtaine sin agus tá réimse ábhair/topaicí ar fáil. Cláraigh inniu tríd na naisc ar an Leathanach d'Imeachtaí Foghlama an Earraigh ar Líne 2022

  • Dáta a Postáladh: 22 March 2022

    Grafaic: MRB 1 Acmhainní

    Tá acmhainní nua cruthaithe ag foireann na Grafaice chun tacaíocht a thabhairt do mhúinteoirí agus a scoláirí agus iad ag tabhairt faoi MRB 1: Cumarsáid trí sceitseáil. Mar chuid de na hacmhainní seo tá cur i láthair dár teideal ‘Iniúchadh a dhéanamh ar MRB 1’, póstaer idirghníomhach agus físeán. Cliceáil ar an nasc seo chun teacht ar na hacmhainní seo. 

  • Dáta a Postáladh: 16 March 2022

    Nuachtlitir SSM- JCToday

    Tá an t-eagrán is déanaí de Nuachtlitir SSM, JCToday, ar fáil anseo

  • Dáta a Postáladh: 15 March 2022

    Nuachtlitir don Mhúinteoir Uaireanta Bainistíochta Acmhainní (Eagrán 7) 

    Tá an t-eagrán is déanaí de Nuachtlitir don Mhúinteoir Uaireanta Bainistíochta Acmhainní ar fáil le híoslódáil mar PDF nó trí chliceáil ar an nasc seo a leanas:    Nasc don Nuachtlitir don Mhúinteoir Uaireanta Bainistíochta Acmhainní   

  • Dáta a Postáladh: 14 March 2022

    Imeacht Foghlama ar líne don tEarrach

    Beidh Imeacht Foghlama ar líne don tEarrach 2022 ar siúl ón Luan 4ú Aibreán go dtí Déardaoin 7ú Aibreán 2022. Is féidir le múinteoirí clárú chun freastail ar imeacht nó imeachtaí a bheidh ar siúl ar líne le linn na seachtaine sin agus tá réimse ábhair/topaicí ar fáil. Cláraigh inniu trí chliceáil anseo

  • Dáta a Postáladh: 14 March 2022

    Béarla

    Tá an liosta nua d’ábhar dualgais don Bhéarla ag an tSraith Shóisearach foilsithe ag an Roinn Oideachais (Do na grúpaí scoláirí a thosóidh an Teastas Sóisearach in 2021, 2022 agus 2023 agus a rachaidh faoi scrúdú in 2024, 2025 agus 2026). Cliceáil anseo chun teacht ar an liosta.

  • Dáta a Postáladh: 10 March 2022

    Seoladh Step Up Project

    Ár mbuíochas le gach duine a d’fhreastail ar an seoladh den tsuíomh Step Up inné. Insítear scéal an tionscnaimh i bhFéinmheastóireacht Scoile ó 9 scoil sna físeáin, podchraoltaí, tuairiscí scoile agus tuairisc cumaisc ar http://stepupproject.ie

  • Dáta a Postáladh: 10 February 2022

    JCt4 i gcomhair le hInstitiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo Leitir Fraic (Cuid a Dó)

    Ba chúis áthais é d’fhoireann Theicneolaíocht Adhmaid na Sraithe Sóisearaí taifead a dhéanamh ar phodchraoladh le dhá chuid le Paul Leamy don eipeasóid is déanaí den tsraith de phodchraoltaí ‘Hands On’. Is ceannaire roinne, Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo, Leitir Fraic é Paul Leamy.

    I gcuid a dó den taifead seo labhraíonn Paul faoin riachtanas atá ann úsáid fhreagrach a bhaint as adhmad, scileanna inaistrithe a fhorbairt le scoláirí agus na háiseanna atá forbartha ag Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo, Leitir Fraic le hadhmad a athrú agus lena stálú adhmaid féin a dhéanamh.

    Is féidir éisteacht leis an bpodchraoladh trí chliceáil anseo

  • Dáta a Postáladh: 10 February 2022

    Scrúdú Na Sraithe Sóisearaí Tráthchlár 2022

    D’fhoilsigh an Roinn Oideachais tráthchlár do scrúduithe na Sraithe Sóisearaí 2022. Is féidir teacht ar an tráthchlár trí chliceáil ar an nasc seo nó trí chliceáil ar an íomha thíos.

  • Dáta a Postáladh: 08 February 2022

    Eispéiris Foghlama Éifeachtach a chruthú do Stair na Sraithe Sóisearaí

    Beidh ceardlann roghnach de chuid Stair na Sraithe Sóisearaí, SSM, ar siúl ar an gCéadaoin 16ú Feabhra 2022 óna 7:00 – 8:30 i.n. Tabharfaidh an cheardlann seo an deis do mhúinteoirí dul i mbun pleanála do chomhthéacs a scoláirí féin maidir le Stair na Sraithe Sóisearaí. Cláraigh don cheardlann anseo.

  • Dáta a Postáladh: 03 February 2022

    Fógra ón Roinn Oideachais ar an 1ú Feabhra maidir leis na Scrúduithe Stáit 2022

    Ag teacht sna sála ar chinneadh ón Rialtas, d’fhógair Norma Foley TD, an tAire Oideachais, ar an 1ú Feabhra, go reáchtálfar scrúduithe Sraithe Sóisearaí ar an ngnáthshlí den chéad uair ón mbliain 2019 i leith. Is féidir na socruithe don tSraith Shóisearach a léamh anseo

  • Dáta a Postáladh: 02 February 2022

    Béarla

    Tá an eipeasóid is déanaí den tsraith de phodchraoltaí ó fhoireann Bhéarla SSM ‘Comhraite ón Seomra ranga’ ar fáil anois le múinteoir Béarla Emer Whyte ó Mheánscoil ‘Gaillimh ag Foghlaim le Chéile’.

    Déanann Emer cur síos ar an bpróiseas atá acu pleanáil do na scoláirí atá ag tabhairt faoi Chlár Foghlama ag Leibhéal a Dó (CFL2) i ranganna Béarla na Sraithe Sóisearaí sa scoil. Tugann sí léargas freisin ar na príomhchéimeanna a oibríonn di agus dá comhghleacaithe agus iad ag dearadh na foghlama. Ní mór d’éinne atá ag iarraidh tuilleadh a fhoghlaim faoi thacú le scoláirí atá ag tabhairt faoi CFL2 agus dóibh siúd atá ag tabhairt faoi Leibhéal a 3 i seomra ranga Béarla na Sraithe Sóisearaí éisteacht leis an bpodchraoladh seo.

  • Dáta a Postáladh: 28 January 2022

    Nuachtlitir don Mhúinteoir Uaireanta Bainistíochta Acmhainní

    Tá an t-eagrán is déanaí de Nuachtlitir don Mhúinteoir Uaireanta Bainistíochta Acmhainní ar fáil le híoslódáil mar PDF nó trí chliceáil ar an nasc seo a leanas:   Nasc don Nuachtlitir don Mhúinteoir Uaireanta Bainistíochta Acmhainní  

  • Dáta a Postáladh: 26 January 2022

    JCt4 i gcomhair le hInstitiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo Leitir Fraic (Cuid a hAon)

    Ba chúis áthais é d’fhoireann Theicneolaíocht Adhmaid na Sraithe Sóisearaí taifead a dhéanamh ar phodchraoladh le dhá chuid le Paul Leamy don eipeasóid is déanaí den tsraith de phodchraoltaí ‘Hands On’. Is ceannaire roinne, Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo, Leitir Fraic é Paul Leamy. I gcuid a haon den taifead seo, labhraíonn Paul faoin aoibhneas a bhaineann leis an dearadh agus le déantús adhmaid. Luann sé freisin an tábhacht a bhaineann leis na príomh-phrionsabail a bhaineann le scileanna láimh in Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo, Leitir Fraic, an t-Ionad Barr Feabhais Náisiúnta i ndearadh troscáin agus teicneolaíocht.

    Is féidir éisteacht leis an bpodchraoladh trí chliceáil anseo.

  • Dáta a Postáladh: 26 January 2022

    Grafaic

    Tá cur i láthair dar teideal ‘ Measúnú Rangbhunaithe 1 a Fhiosrú’ cruthaithe ag foireann na Grafaice chun tacú le múinteoirí agus iad ag tabhairt faoi MRB 1. Cliceáil ar an nasc seo nó ar an íomha thíos chun teacht ar an acmhainn seo.

  • Dáta a Postáladh: 19 January 2022

    Grafaic: MRB 1 Acmhainní

    Tá acmhainní nua cruthaithe ag foireann na Grafaice chun tacaíocht a thabhairt do mhúinteoirí agus a scoláirí agus iad ag tabhairt faoi MRB 1: Cumarsáid trí sceitseáil. Mar chuid de na hacmhainní seo tá cur i láthair dár teideal ‘Iniúchadh a dhéanamh ar MRB 1’, póstaer idirghníomhach agus físeán. Cliceáil ar an nasc seo chun teacht ar na hacmhainní seo.

  • Dáta a Postáladh: 12 January 2022

    JCAD

    Tá JCAD ar oscailt anois chun ionchur sonraí a cheadú do theastas críochnaithe roinnt scoláirí. Tá an teastas seo le heisiúint do gach scoláire trína scoileanna féin, le deimhniú go bhfuil clár staidéir na Sraithe Sóisearaí críochnaithe acu. Cuireann an teastas seo liosta de na hábhair, gearrchúrsaí agus/nó aonaid tosaíochta foghlama agus ag cén leibhéal go ndearnadh staidéar san áireamh. Baineann JCAD le scoláirí na Sraithe Sóisearaí 2021 a thug faoi chlár foghlama ag leibhéal 1 nó leibhéal 2 amháin. Ba chóir JCAD a fheiceáil ar ESINET do scoileanna. Ní mór d’scoileanna aon cheisteanna maidir le JCAD a chur chuig JCPA@education.gov.ie

  • Dáta a Postáladh: 10 January 2022

    Plean Gníomhaíochta Molta do Mhúinteoirí Uaireanta Bainistíochta Acmhainní (Nithe le déanamh)

    Chun cabhrú le hobair leanúnach na múinteoirí ar tugadh dóibh na huaireanta bainistíochta acmhainní i scoileanna, tá Plean Gníomhaíochta féideartha ar fáil le híoslódáil mar PDF ach cliceáil ar an nasc seo. 

  • Dáta a Postáladh: 07 January 2022

    Táimid ag súil le bualadh le múinteoirí ábhair ar líne ón Luan 10ú Eanáir do FGL ábhair 2021-2022. Cruthaíodh físeán chun cabhrú le múinteoirí ullmhú do na cnuaslaethanta seo. Is féidir teacht ar an bhfíseán ag an nasc seo a leanas: FGL Ábhair 2021-2022

  • Dáta a Postáladh: 17 December 2021

    Oideachas Reiligiúnach

    Tapaigh an deis breathnú ar an bhfíseán a léiríonn cuid de bhuaicphointí ón bhFóram Náisiúnta faoi ‘An Luach a bhaineann le Múineadh agus Foghlaim faoi Dhéantáin Naofa ó na Mór-Reiligiúin Dhomhanda.' Tá an físeán ar fail ag an nasc seo a leanas: Nasc don bhFíséan le buaicphointí an tseimineáir Rinne an Dr. Ailis Travers, Ceannaire Foirne Oideachas Reiligiúnach SSM, cur i láthair ag an ócáid eagraithe ag Leabharlann Chester Beatty, B.A.C, Coláiste Mhuire Gan Smál, Luimneach agus Fóram Idirchreidimh Chathair B.A.C

  • Dáta a Postáladh: 09 December 2021

    Oideachas don Fhorbairt Inbhuanaithe Nuachtlitir

    Tá an cúigiú Eagrán den nuachtlitir mar gheall ar Oideachas don Fhorbairt Inbhuanaithe (OFI) foilsithe ag an Roinn Oideachais agus tá sí ar fáil trí chliceáil ar an nasc seo

  • Dáta a Postáladh: 09 December 2021

    Ciorclán 0059/2021

    Tá Ciorclán 0059/2021- Socruithe le haghaidh Chur Chun Feidhme an Chreata don tSraith Shóisearach le tagairt ar leith don scoilbhliain 2021/22 ar fáil anois trí chliceáil ar an nasc seo a leanas: Nasc chuig- Ciorclán 0059/2021

  • Dáta a Postáladh: 08 December 2021

    Nuachtlitir don Mhúinteoir Uaireanta Bainistíochta Acmhainní

    Tá an t-eagrán is déanaí de Nuachtlitir don Mhúinteoir Uaireanta Bainistíochta Acmhainní ar fáil le híoslódáil mar PDF nó trí chliceáil ar an nasc seo a leanas: Nasc don Nuachtlitir don Mhúinteoir Uaireanta Bainistíochta Acmhainní

  • Dáta a Postáladh: 24 November 2021

    Nuachtlitir don Mhúinteoir Uaireanta Bainistíochta Acmhainní

    Tá an t-eagrán is déanaí de Nuachtlitir don Mhúinteoir Uaireanta Bainistíochta Acmhainní ar fáil le híoslódáil mar PDF nó trí chliceáil ar an nasc seo a leanas: Nasc don Nuachtlitir don Mhúinteoir Uaireanta Bainistíochta Acmhainní (Eagrán 3)

  • Dáta a Postáladh: 22 November 2021

    JCt4 Teicneolaíocht an Adhmaid: Podchraoladh

    Bhí an deis ag JCt4 (Teicneolaíocht an Adhmaid) i gcomhpháirt leis na hEalaíona sa tSraith Shóisearach labhairt le Daniel Gill, déantóir troscáin, le déanaí don Phodchroaladh Junior Cycle Talks. Labhair Daniel faoina phaisean don cheird seo agus faoin bpróiséas ó thús go deireadh. Éist leis an gcomhrá iomlán trí chliceáil ar an nasc seo.

  • Dáta a Postáladh: 17 November 2021

    Ceol

    Tá Treoirlínte Measúnaithe Nua-Shonraithe foilsithe ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta don Mheasúnú Rangbhunaithe (Uasdátaithe Samhain 2021).  Chun teacht orthu cliceáil anseo 

  • Dáta a Postáladh: 04 November 2021

    Eacnamaíocht Bhaile

    Treoirlínte ó CSS chomh maith le heolas faoi na Tascanna don Scrúdú Scileanna Inniúlachta Bia 2022 ar fáil ar www.examinations.ie

  • Dáta a Postáladh: 03 November 2021

    Páipéir Shamplach: Teicneolaíochtaí

    D’fhoilsigh Coimisiún na Scrúduithe Stáit (CSS) Páipéir shamplach (leibhéal comónta) do na hábhair teicneolaíochtaí ar an Aoine 22ú Deireadh Fómhair. Is féidir cliceáil ar an nasc cuí thíos chun an páipéar cuí a aimsiú.

    Teicneolaíocht Fheidhmeach

    Innealtóireacht

    Grafaic

    Teicneolaíocht Adhmaid

  • Dáta a Postáladh: 18 October 2021

    Béarla

    Bhí áthas ar SSM, Béarla, i gcomhpháirt leis na hEalaíona sa tSraith Shóisearach, a bheith i gcomhrá leis an bhfile agus an drámadóir Inua Ellams níos luaithe i mbliana. Tá téacs dá chuid “The 14th Tale” ar an liosta molta do scoláirí sa dara agus tríú bliain.

    Éist leis an gcomhrá anseo

  • Dáta a Postáladh: 17 October 2021

    Teicneolaíocht

    Tá Obair Chúrsa - Achoimrí Dearaidh do na hábhair thíos foilsithe ag Coimisiún na Scrúdaithe Stáit. Cliceáil ar an ábhar cuí nasctha thíos leis an gcáipéis a aimsiú.

    Teicneolaíocht Adhmaid Obair Chúrsa

    Teicneolaíocht Fheidhmeach Obair Chúrsa

    Grafaic Tionscadal an Dalta

    Innealtóireacht Obair Chúrsa

  • Dáta a Postáladh: 20 September 2021

    CFL1/L2

    Tá an Nuachtlitir SSM do CFL1/L2, (Fómhair 2021) ar fáil anseo

  • Dáta a Postáladh: 06 September 2021

    An t-eolas is deireanaí ón RO (18 Lúnasa 2021)

    Socruithe Measúnachta do na Scrúduithe Teastais 2022.

    Cliceáil chun leagan PDF a íoslódáil. 

  • Dáta a Postáladh: 22 April 2021

    Tá socruithe athbhreithnithe chun Measúnuithe Rangbhunaithe a chur i gcrích fóisithe ag an CNCM (NCCA). Tá teacht ar na doiciméid ag an nasc anseo: Na socruithe athbhreithnithe chun Measúnuithe Rangbhunaithe a chur i gcrích

  • Dáta a Postáladh: 10 March 2021

    Deir na treoirlinte dar teideal ‘Measúnú agus Tuairisciú ar fhoghlaim Scoláirí – an tSraith Shóisearach 2021’ foilsithe ag an Roinn Oideachas ar an 9ú Márta go n-eiseoidh an scoil Tuairisc Scoile ina ndéantar cur síos ar ghnóthachtálacha foghlama an scoláire. Tá sé de chead ag gach scoil na modhanna measúnaithe agus formáid na tuairisce scoile a úsáidfear a roghnú. Tá tacaíocht bhreise maidir le tuairisciú le fáil ag an nasc anseo.  

    Tuairisciú | CNCM

  • Dáta a Postáladh: 10 March 2021

    D’fhoilsigh an Roinn Oideachais treoirlínte ar an 9ú Márta dar teideal “Measúnú agus Tuairisciú ar fhoghlaim Scoláirí – an tSraith Shóisearach 2021”. Tá teacht ar an doiciméid ag an nasc anseo:

    Measúnú agus Tuairisciú ar fhoghlaim Scoláirí – an tSraith Shóisearach 2021

  • Dáta a Postáladh: 25 November 2020

    Foilsíodh an Ciorclán is deireannaí ó ROS 0076/2020 i leith na Sraithe Sóisearaí ar an 18ú Samhain 2020 – Socruithe le haghaidh Chur Chun Feidhme an Chreata don tSraith Shóisearach le tagairt ar leith don scoilbhliain 2020/21 Ciorcláin agus Foirmeacha - An Roinn Oideachais agus Scileanna

  • Dáta a Postáladh: 04 November 2020

    Na hAmharc-Ealaíona

    Tá na téamaí don MRB 1: Ó Próiseas go Cur i gCrích 2020/21 ar fáil ar www.curriculumonline.ie agus anseo.

  • Dáta a Postáladh: 04 November 2020

    Eacnamaíocht Bhaile

    Tá eolas faoi na tascanna don Scrúdú Scileanna Inniúlachta Bia ar fáil ar www.examinations.ie agus anseo.

  • Dáta a Postáladh: 04 November 2020

    Tá na CSS Scrúdú Deiridh na Sraithe Sóisearaí, Páipéar Samplach ar fail anois do na ábhair seo a leanas:

    Ceol

    Eacnamaíocht Bhaile

    Matamaitic Ardleibhéal  

    Matamaitic Gnáthleibhéal

    Stair

    Tíreolaíocht

  • Dáta a Postáladh: 25 September 2020

    Tuarascáil ar chur i bhfeidhm luath Staidéar Gnó agus Eolaíocht na Sraithe Sóisearaí foilsithe ag an CNCM. Gliogáil anseo...

  • Dáta a Postáladh: 16 September 2020

    Tuairiscí na bhPríomh Scrúaitheoirí

    Tá CSS tar éis Tuairiscí na bPríomh Scrúaitheoirí do Scrúdaithe na Sraithe Sóisearaí 2019 a fhoilsiú, Eolaíocht gliogáil anseo..., agus Staidéar Gnó gliogáil anseo... 

  • Dáta a Postáladh: 27 May 2019

    The Webinar "Guidance Related Units of Learning" is now available online here...

    The Webinar "Exploring Other Areas of Learning in Junior Cycle" is now available online here...

  • Dáta a Postáladh: 13 December 2018

    Special Schools and Further Education Sector

    JCAD Handbook and User Guide

  • Dáta a Postáladh: 03 December 2018

    Please find attached a handbook and appendices for schools to assist in the issuing of the JCPA

    here...

    The handbook also contains the following:

    Appendix 1 - Checklist

    Appendix 2 - Logos and Signatures

    Appendix 3 -  Privacy Notice and Consent Forms

    Appendix 4 - Samples of JCPAs for 2018

    Please complete Appendix 2 should you wish to submit or update your school crest or signatures by Wednesday the 5th December, 2018.

    (Please note, only Principal and Year Head signatures can appear on the JCPA).  Vice/Deputy Principal or Co-Ordinator will not appear on the JCPA.

    Please note that the administration grant to support schools with production of the JCPAs will also issue in the coming days.

    Should you have any queries please email jcpa@education.gov.ie.  Please ensure you quote your school name and roll number in all correspondence.

  • Dáta a Postáladh: 14 March 2018

    Ag ár gComhdháil ar Cheannaireacht don Fhoghlaim a  reáchtáladh le déanaí rinneadh sárthaispeántas den fhoghlaim ónár dtionscadal ATS2020 Erasmus + . Léirítear roinnt de bhuaicphointí  an lae sa ghearrfhíseán seo:  Físeán...

  • Dáta a Postáladh: 28 May 2018

    Séanadh