Corpoideachas

Measúnú agus Tuairisciú

  • Seimineáir Ghréasáin le déanaí - Measúnú agus Tuairisciú í gCorpoideachas arrow_drop_down

    Ostáladh an seimineár gréasáin seo i mí Eanáir 2021. Go páirteach, bhí nuashonrú gairid ann maidir le foghlaim scoláirí sa Chorpoideachas a phróifíliú ar an PGSS. Is féidir breathnú ar thaifeadadh den seimineár gréasáin thíos.

    Cineál comhaid: YouTube
    Cliceáil ar an íomhá chun seinm

    Ostáladh an seimineár gréasáin seo i mí Mharta 2020. Is féidir breathnú ar thaifeadadh den seimineár gréasáin, an Leabhrán FGL agus an Padlet thíos.

    Cineál comhaid: YouTube
    Cliceáil ar an íomhá chun seinm
  • Measúnú agus Tuairisciú sa tSraith Shóisearach arrow_drop_down

    Tá na príomhtheachtaireachtaí maidir le measúnú ar fáil ó lch. 36-7 den Chreat don tSraith Shóisearach.

     - Is i réimse an mheasúnaithe atá an t-athrú is suntasaí sa tSraith Shóisearach nua
     - Go bunúsach, is é an cuspóir le measúnú agus tuairisciú ag an gcéim seo den oideachas ná tacú leis an bhfoghlaim
     - Beidh measúnú foirmitheach comhlánaithe ag measúnú suimitheach, mar shaintréith ag an tSraith Shóisearach nua
     - Beidh raon cur chuige i leith an mheasúnaithe i gceist chun an fhoghlaim a chomhlánú
            - Measúnuithe leanúnacha, ar a n-áirítear tascanna agus trialacha gnáthúla múinteoir-dheartha
            - Tasc Measúnachta Rangbhunaithe nó dhó i ngearrchúrsaí.

    Chomh maith le sin, tá na príomhtheachtaireachtaí maidir le tuairisciú ar fáil ó lch.44-7 den Chreat don tSraith Shóisearach

     - Cuideoidh an cur chuige i leith an tuairiscithe le scoláirí trí rianú a dhéanamh ar an ndul chun cinn atá agus thí pháirt ghníomhach a  bheith acu agus ag a tuismitheoirí/gcaomhnóirí sa mhachnamh agus sa phlé ar dhul chun cinn san fhoghlaim
     - Léireofar meas ar bhreithmheas an mhúinteora agus beidh nasc soiléir le foghlaim, le teagasc agus le haiseolais cuidtheach a tharla sna ranganna
     - Déanfaidh múinteoirí na scoláirí, na gearrchúrsaí a mheas agus tuairisceofar orthu, do scoláirí agus do thuismitheoirí/chaomhnóirí, i gcaitheamh na  sraithe sóisearaí agus ar PGSS

  • Measúnú Foirmitheach arrow_drop_down

    Is éard atá i measúnú foirmitheach an próiseas chun fianaise a lorg agus a léirmhíniú le húsáid ag foghlaimeoirí agus a gcuid múinteoirí chun cinneadh a dhéanamh cá bhfuil na foghlaimeoirí ina gcuid foghlama, cá gcaithfidh siad dul agus an bealach is fearr le dul ann. (Grúpa Athchóirithe Measúnachta, 2002)

    Díriú ar an bhFoghlaim, a d'fhorbair an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, ar fáil do mhúinteoirí. Ag tacú le cur chuige don scoil uile i leith forbairt ghairmiúil agus forbairt acmhainne trí chleachtas measúnaithe éifeachtaigh agus leanúnaigh a fhorbairt a chabhraíonn le foghlaim an scoláire.Ceapadh na ceardlanna le go bhféadfaí iad a úsáid ar dhóigh sholúbtha thart ar chúig thopaic:

     - Rúin foghlama agus critéir ratha
     - Ceistiú éifeachtach
     - Aiseolas foirmitheach
     - An scoláire ag machnamh ar a chuid foghlama
     - Torthaí Foghlama

  • Mheasúnú Rangbhunaithe (MRB) arrow_drop_down

    Tá MRBanna ceaptha chun deiseanna a chruthú do scoláirí a gcuid foghlama a léiriú I réimsí ata deacair a mheas I scrúdú le peann agus páipéar a bhfuil teorainn ama leis.

    Tá na Treoirlínte don Mheasúnú Rangbhunaithe an-chabhrach. Áirítear measúnuithe éagsúla atá deartha go sonrach chun fianaise a ghabháil ar fhoghlaim an scoláire i ngach ceann de na ceithre shnáithe

    Snáithe 1 - Gníomhaíocht choirp le haghaidh na sláinte agus na folláine - Clár Pearsanta Gníomhaíochta Coirp
    Snáithe 2 - Cluichí - Measúnú Feidhmíochta i gCluichí
    Snáithe 3 - Dúshláin aonair agus foirne - Imeacht Treodóireachta Foirne
    Snáithe 3 - Dúshláin aonair agus foirne - Measúnú Feidhmíochta san Uiscíocht
    Snáithe 3 - Dúshláin aonair agus foirne - Measúnú Feidhmíochta sa Lúthchleasaíocht
    Snáithe 4 Damhsa agus gleacaíocht - Measúnú Feidhmíochta sa Damhsa/Ghleacaíocht

    Chun críche an Mheasúnaithe Rangbhunaithe, ba chóir don scoláire dul faoi dhá mheasúnú ar a laghad, measúnú amháin i ngach bliain den ghearrchúrsa más féidir. Nuair a dhéanann scoláire measúnú ag deireadh snáithe, ba chóir go bhfaigheadh sé tuairisceoir don mheasúnú ag an am sin. Ach d’fhéadfadh an tuairisceoir sin athrú tar éis an chruinnithe Athbhreithnithe ar Fhoghlaim agus ar Mheasúnú Ábhair. Is é an Measúnú Rangbhunaithe a thuairiscítear ar Phróifíl Gnóthachtála na Sraithe Sóisearaí de chuid an scoláire an measúnú a fuair an tuairisceoir is airde.

  • Athbhreithniú ar Fhoghlaim agus ar Mheasúnú Ábhair (AFMÁ) arrow_drop_down

    Cuireann cruinnithe don Athbhreithniú ar Fhoghlaim agus ar Mheasúnú Ábhair ar chumas múinteoirí comhleanúnachas a bhaint amach ar bhonn comhoibríoch ina mbreithiúnais ar obair an scoláire i gcoinne Gnéithe Cáilíochta coiteanna, a leagtar síos go seachtrach.

    Tá an doiciméad Treoir maidir leis an bPróiseas don Athbhreithniú ar Fhoghlaim agus ar Mheasúnú Ábhair, a d'fhorbair an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, an chabhrach, mar soláthraíonn siad treoir maidir le...

     - achroimre
     - treoir an Éascaitheora
     - roimh an gcruinniú
     - i rith an chruinnithe
     - i ndiaidh an chruinnithe