Na hAmharc-ealaíona

Ceardlann FGL 2020/2021

Tá fáilte mhór romhat chuig an treoir ghairid seo ar na hábhair do Lá FGL na hAmharc-Ealaíne 2020/2021. Is é atá i gceist leis an treoir seo forléargas a thabhairt ar inneachar, teachtaireachtaí agus pléphointí na n-ábhar FGL agus tú ag plé leo mar dhuine aonair, mar bhall de ghrúpa múinteoirí nó de Roinn Ábhair. Beidh na hábhair ina gcuidiú do mhúinteoirí nach raibh in ann freastal ar an gceardlann ar chnuaslá FGL 2020/2021, do Mhúinteoirí nua-cháilithe nó do mhúinteoirí atá ag múineadh Amharc-ealaíne don chéad uair sa tSraith Shóisearach. Beidh suim sna hábhair freisin ag múinteoirí a d'fhreastail ar an gceardlann FGL sin ar a gcnuaslá 2020/2021 agus ar mhaith leo athbhreithniú a dhéanamh ar na hábhair.

Cineál comhaid: YouTube
Cliceáil ar an íomhá chun seinm

B'fhéidir gur mhaith leat amharc ar an sceideal a d'úsáid muid ar an lá. Tá sé seo ar fáil i dhá fhormáid: 

•                Sceideal Ceardlainne Padlet 

•                PDF Idirghníomhach ar Amlíne na Ceardlainne 

Cé gur reáchtáladh an Cheardlann thar thrí sheisiún ar lá an chnuasaigh, roinn muid é sin ina cheithre chuid níos giorra ionas go mbeidh tú in ann plé leo ar líne. Tá forléargas curtha againn le gach sraith d’ábhair, agus léiríonn sé sin croí-ábhar na gCumhachtphointí, físeán nó ábhair eile. Cuideoidh gach forléargas leat a fháil amach cad é a bhíonn i gceist leis an alt nó cén chuid ar mhaith leat athchuairt a thabhairt uirthi san am atá ar fáil duit. 

Seisiún 1 - Cur i Láthair agus Acmhainní

Le linn sheisiún 1, beidh an deis agat dul i ngleic le roinnt samplaí den Amharc-Chultúr. Tugtar naisc chuig na hacmhainní sa Padlet ar thaobh na láimhe deise. B’fhéidir gur fiú na ceisteanna a chuirtear sa rannán seo a bhreithniú le comhghleacaí.

Seisiún 2 - Cur i Láthair agus Acmhainní

I seisiún 2, beidh deis agat tabhairt faoi ghníomhaíocht chruthaitheach.  Bíodh do rogha ábhar líníochta ar láimh agat. Tá leidbhileog a théann leis ullmhaithe againn chun cabhrú leat.

Seisiún 3 - Cur i Láthair agus Acmhainní

Le linn sheisiún 3, fiosróidh tú réimse spreagthaí a d'fhéadfaí a úsáid sa tSraith Shóisearach chun scoláirí a spreagadh ina gcuid foghlama. Tabharfar cuireadh duit tosca a mheas a d'fhéadfadh bonn eolais a chur faoi do rogha spreagthaí. Beidh deis agat freisin machnamh a dhéanamh ar na Torthaí Foghlama a ndearnadh iniúchadh orthu le linn na ceardlainne chun tuiscint a dhoimhniú.

Seisiún 4 - Cur i Láthair agus Acmhainní

Le linn an tseisiúin deiridh seo, déanfaidh tú réimse uirlisí agus straitéisí a iniúchadh agus a chur i bhfeidhm chun cabhrú le smaointeoireacht chruthaitheach. Tugtar sa Padlet ar thaobh na láimhe deise naisc chuig ceithre hacmhainn éagsúla arb é a n-aidhm cabhrú le forbairt na hoibre sa seomra ranga.

Lá FGL na hAmharc-Ealaíne 2020/2021
Cineál comhaid: YouTube
Cliceáil ar an íomhá chun seinm
Cineál comhaid: YouTube
Cliceáil ar an íomhá chun seinm
Cineál comhaid: YouTube
Cliceáil ar an íomhá chun seinm
Uirlisí agus straitéisí
Cineál comhaid: YouTube
Cliceáil ar an íomhá chun seinm
Cineál comhaid: YouTube
Cliceáil ar an íomhá chun seinm