Teicneolaíochtaí

Grafaic - Ceardlann FGL 2021/2022

Tá fáilte mhór romhat chuig an treoir ghairid seo ar na hábhair do Lá FGL na Grafaice 2021/2022. Tá sé i gceist leis an Treoir seo forléargas a thabhairt ar inneachar, teachtaireachtaí agus pointí plé na n-ábhar FGL agus tú ag plé leo mar dhuine aonair, mar bhall de ghrúpa múinteoirí nó de Roinn Ábhair. Beidh na hábhair ina gcuidiú do mhúinteoirí nach raibh in ann freastal ar an gceardlann sa Ghrafaic ar a gcnuaslá FGL 2021/2022, do mhúinteoirí nua-cháilithe, nó do mhúinteoirí atá ag múineadh grafaice den chéad uair sa tSraith Shóisearach. Beidh na hábhair ina ndíol spéise freisin do mhúinteoirí a d'fhreastail ar an gceardlann FGL in 2021/2022 agus ar mhaith leo dul siar ar na hábhair.

 

Reáchtáiltear an cheardlann thar thrí sheisiún ar lá an chnuasaigh. Dá bhrí sin, tá an cur i láthair roinnte ina thrí chuid gur féidir leat tabhairt faoi ar líne. Tá forléargas (i bhfoirm bhlurba) curtha istach againn le gach sraith d’ábhair, ag léiriú croí-inneachar na gCumhachtphointí, na bhfíseán nó na n-ábhar eile. Cuideoidh gach forléargas leat a aithint cad é a bhíonn i gceist leis an rannóg nó cén chuid ar mhaith leat dul siar uirthi san am atá ar fáil agat.

Cineál comhaid: YouTube
Cliceáil ar an íomhá chun seinm
Loga Foghlama

Tá leathanaigh ón loga foghlama iomlán le fáil sa leagan clóite den loga foghlama arbh fhiú do mhúinteoirí cóip chrua a bheith acu díobh le linn na ceardlainne le bheith in ann dul i gceann na ngníomhaíochtaí i rith an lae.

 

Is féidir le múinteoirí an leagan digiteach den loga foghlama a íoslódáil le húsáid le linn na ceardlainne FGL. Tá an loga foghlama i bhformáid pdf agus tá naisc úsáideacha ann chuig doiciméid, acmhainní agus físeáin eile.

Cur i láthair

D'fhonn tacú le múinteoirí agus le grúpaí a bheadh ag breathnú ar na hábhair le linn a gcuid Ama Ghairmiúil, roinneadh an cur i láthair FGL ina thrí chuid ar leith lena fhoilsiú ar an láithreán gréasáin.

 

Cuid 1: Tugtar deis do mhúinteoirí a dtaithí ar an turas foghlama sa Ghrafaic a phlé agus machnamh a dhéanamh air. Pléann múinteoirí próiseas agus luach an chruinnithe AFMÁ. Bíonn deis ag múinteoirí freisin iniúchadh a dhéanamh ar roinnt de shamplaí CNCM de shaothar scoláirí, go háirithe Measúnú Rangbhunaithe 1: Cumarsáid trí Sceitseáil, atá ar fáil ar www.curriculumonline.ie.

 

Cuid 2: Díríonn an chuid seo den lá ar chur chuige oideolaíoch a iniúchadh chun réasúnaíocht spásúil a fhorbairt sa seomra Grafaice. Feiceann múinteoirí fianaise ar chleachtas sa seomra ranga chun cabhrú le réasúnaíocht spásúil. Téann múinteoirí i ngleic le tasc praiticiúil agus pléann siad conas an ghníomhaíocht a chur in oiriúint do chomhthéacs a ranga féin.

 

Cuid 3: Díríonn an chuid seo den chur i láthair ar iniúchadh a dhéanamh ar ról chodanna measúnaithe an CSS sa Ghrafaic, tionscadal na scoláirí agus an páipéar samplach. Glacann múinteoirí páirt i roinnt plésheisiún ar an gcaoi a ndéantar na comhpháirteanna measúnaithe seo a leabú i dturas foghlama an scoláire.

 

Ag Tabhairt faoi Pháipéar Samplach Grafaice an CSS: Aibhsítear modh san fhíseán seo chun an leabhrán A3 do Pháipéar Samplach na Grafaice a ailíniú agus a fheistiú ar chlár líníochta.  Léirítear freisin san fhíseán roinnt Treoracha Ginearálta tábhachtacha chun tabhairt faoin bpáipéar samplach.

 

Cineál comhaid: YouTube
Cliceáil ar an íomhá chun seinm
Ábhair Cheardlainne

Chun cabhrú le do rannpháirtíocht leis an gceardlann ar líne seo, bíodh na míreanna agat atá sa doiciméad 'Míreanna le haghaidh Rannpháirtíocht Éifeachtach'.

 

Is féidir Bord Plánaí A4 a phriontáil chun cabhrú le rannpháirtíocht i gceann de na gníomhaíochtaí ceardlainne.