Teicneolaíochtaí

Innealtóireacht - Ceardlanna FGL 2021/2022

Tá fáilte mhór romhaibh chuig an treoir ghairid seo maidir leis na hábhair do Lá FGL Innealtóireachta 2021/2022. Tá sé mar aidhm ag an treoir seo forléargas a thabhairt ar inneachar, teachtaireachtaí agus pléphointí na n-ábhar FGL agus sibh ag plé leo mar dhaoine aonair, mar ghrúpa múinteoirí nó mar Roinn Ábhair. Beidh na hábhair ina gcabhair do mhúinteoirí nach raibh in ann freastal ar an gceardlann san Innealtóireacht ar a gcnuaslá FGL 2021/2022, do mhúinteoirí nua-cháilithe nó do mhúinteoirí atá ag múineadh Innealtóireacht den chéad uair sa tSraith Shóisearach. Beidh suim sna hábhair freisin ag múinteoirí a d'fhreastail ar an gceardlann FGL ar chnuaslá 2021 / 2022 agus ar mhaith leo athbhreithniú a dhéanamh ar na hábhair.

 

Bhí an cheardlann ar siúl thar thrí sheisiún ar an gcnuaslá, agus tá na hábhair ar an leathanach seo leagtha amach againn ar bhealach den chineál céanna chun go rachaidh tú i ngleic leo. Tá forléargas curtha leis seo againn (i bhfoirm bhlurba) le gach sraith ábhar, ag léiriú croí-ábhar na gCumhachtPhointí, bileog Teagaisc ar Bhogearraí Ríomhaireachta, físeáin nó ábhair eile. Cuideoidh gach forléargas leat a fháil amach cad é atá i gceist leis an alt nó cén chuid ar mhaith leat amharc arís uirthi san am atá agat.

Cineál comhaid: YouTube
Cliceáil ar an íomhá chun seinm
Loga Foghlama

Tá an loga foghlama do cheardlann chnuasaigh 2021/2022 ar fáil ar dheis ón téacs seo. Cliceáil chun an loga foghlama a fheiceáil nó a íoslódáil. Beidh ar mhúinteoirí cóip den loga foghlama a íoslódáil roimh an gceardlann. Molaimid do mhúinteoirí an loga foghlama a phriontáil agus nótaí a scríobh de réir mar a théann siad ar aghaidh trí na gníomhaíochtaí. Is féidir rochtain a fháil ar fhíseáin tacaíochta sa loga foghlama trí na cóid MF trí aip cheamara ar ghléas soghluaiste amhail fón nó táibléad. Is féidir rochtain a fháil ar na físeáin freisin trí chliceáil ar na cóid MF go díreach i gcóip dhigiteach den loga foghlama.

Cur i láthair

Tá an cur i láthair CumhachtPhointe FGL á roinnt ina thrí chuid:

 

Cuid 1: Díríonn an chuid seo den chur i láthair ar chabhrú le scoláirí meicníocht agus smaoineamh dearaidh a fhiosrú.

 

Cuid 2: Cuireann an lársheisiún seo deiseanna ar fáil do mhúinteoirí measúnú a fhiosrú in Innealtóireacht na Sraithe Sóisearaí agus páirt a ghlacadh i gcomhrá ina leith

 

Cuid 3: Múinteoirí i mbun gníomhaíochtaí ina ndearnadh iniúchadh ar bhogearraí ríomhaireachta a úsáidtear in Innealtóireacht na Sraithe Sóisearaí. Ní thugann an chuid seo den ChumhachtPhointe ach forléargas ar na modúil ó cheardlann chnuasaigh 2020/2021 agus ó cheardlann chnuasaigh 2021/2022. Chun tabhairt go hiomlán faoi na gníomhaíochtaí bogearraí ríomhaireachta, bheadh ar mhúinteoirí na modúil sa Loga Foghlama a leanúint.

Acmhainn Teagaisc agus Foghlama Meicitreonaice (Comhpháirteanna Forlíontacha) Bileog Threorach

Seoladh an bhileog threorach ar dheis nó téacs seo roimh ré chuig múinteoirí i scoileanna a chláraigh do cheardlann chnuasaigh 2021/2022. Seoladh an bhileog threorach mar aon le foireann chomhpháirteanna forlíontacha. Cuireann na comhpháirteanna forlíontacha leis an 'Acmhainn Teagaisc agus Foghlama Mheicitreonaice’ a seoladh chuig scoileanna do cheardlann chnuasaigh 2020/2021. Leagtar amach sa bhileog threorach na comhpháirteanna a theastaíonn don cheardlann, agus conas na comhpháirteanna a ullmhú sula rachaidh tú i mbun na modúl i gceardlann chnuasaigh 2021/2022. Luaitear teideal gach modúil sa bhileog threorach. Tacaítear leis na treoracha le físeáin teagaisc. Is féidir rochtain a fháil ar na físeáin seo trí chliceáil nó scanadh a dhéanamh ar na cóid MF mar a thagann siad aníos sna treoracha.