D'fhonn cabhrú le múinteoirí agus le grúpaí a bheadh ag dul de na hábhair le linn a n-Ama Ghairmiúil, tá an cur i láthair FGL roinnte ina thrí chuid ar leith lena bhfoilsiú ar shuíomh gréasáin.
Cuid 1: Díríonn an chuid seo den chur i láthair ar fhorbairt scileanna, lena n-áirítear Príomhscileanna na Sraithe Sóisearaí, ón gCéad Bhliain. Dírímid go háirithe ar Phríomhscileanna na Cumarsáide agus Eolas agus Smaointeoireachta a Bhainistiú. Éisteann múinteoirí agus déanann siad machnamh ar an gcaoi a n-úsáideann múinteoir ina chomhthéacs féin na Gnéithe Cáilíochta chun cabhrú leis tuairiscín sealadach a bhronnadh mar chuid den phróiseas MRB. Ina dhiaidh sin, déanann múinteoirí meastóireacht ar pháirt a ghlacadh sa phróiseas AFMÁ i gcomhthéacs foghlaim don ábhar agus tuiscint a fhorbairt ar chaighdeáin agus ar ionchais.
Cuid 2: Le linn na coda seo den chur i láthair déanann múinteoirí machnamh ar an gcaoi ar féidir leo cabhrú le scoláirí scileanna fadhbréitigh agus acmhainneacht i rialú leictreach a fhorbairt. Glacann siad páirt i bplé faoi chosc lochtanna agus lochtanna a bhrath i rialú leictreach sa seomra Teicneolaíocht Fheidhmeach. Fiosraíonn siad freisin úsáid ilmhéadair in éineacht leis an acmhainn a d’fhorbair JCt4 Réiteach Fadhbanna trí Rialú Leictreach i dTeicneolaíocht Fheidhmeach.
Cuid 3: Scrúdaíonn an chuid seo den chur i láthair ról chomhpháirteanna an mheasúnaithe sa Teicneolaíocht Fheidhmeach, le béim ar leith ar na Coimrí don Obair Chúrsa agus ar an bPáipéar Samplach a d'fhoilsigh Coimisiún na Scrúduithe Stáit (CSS) i mí Dheireadh Fómhair 2021. Glacann múinteoirí páirt i roinnt plé ar an gcaoi a gcabhraíonn measúnú le contanam an teagaisc agus na foghlama sa Teicneolaíocht Fheidhmeach.