Ceol

Measúnú

Is féidir le cur chuige déthreoch an mheasúnaithe, ina mbíonn measúnú rangbhunaithe thar na trí bliana mar aon le scrúdú deiridh measúnaithe go seachtrach agus stát-theistithe, deis a chruthú don chothromaíocht chuí idir scoláirí a ullmhú do scrúduithe agus an smaointeoireacht chruthaitheach, gafacht leis an bhfoghlaim agus torthaí níos fearr do gach scoláire a éascú. Tabharfaidh a leithéid de chur chuige aitheantas do na cineálacha éagsúla foghlama a tharlaíonn i scoileanna, léireofar meas orthu agus ceadófar measúnú níos iomláine ar ghnóthachtálacha oideachasúla gach duine óig. Gheobhaidh tú na Treoirlínte don Mheasúnú Rangbhuanaithe le haghaidh Ceoil sa roinn Príomhdhoicméid.