Nuatheangacha Iasachta

Nuacht/Imeachtaí

An nuacht is déanaí

Dáta a Postáladh: 04 September 2020


Mar thoradh ar shrianta mar gheall ar Covid-19, an cur isteach ar oscailt scoileanna ag tús na scoilbhliana 2020/2021 agus an tréimhse fhada dúnta scoile ó Mhí an Mhárta 2020, rud a ba chúis le caillteanas mór am teagmhála ranga, níl SSM in ann ceardlanna FGL duine-le-duine don dara hábhar teagaisc a thairiscint i mbliana i rith na tréimhse Meán Fómhair / Deireadh Fómhair 2020. Ina áit sin, d'oibrigh muid chun ár gceardlanna ábhair 2019/2020 a atheagrú lena gcur in oiriúint do rannpháirtíocht ar líne ag múinteoirí. Dá bhrí sin, tá ár gceardlann ábhair FGL 2019 / 2020, uaslódáilte thíos. https://jct.ie/leagangaeilge/modern_foreign_languages/cpd_workshops_2019_2020_ga.php

Dáta a Postáladh: 09 September 2020


Maidir le socruithe measúnachta don chohórt scoláirí sa 3ú Bliain, 2020/2021 amháin, tá an doiciméad 'Socruithe Measúnachta do na Scrúduithe Teastais 2021' ar fáil ag

 https://www.education.ie/ga/Scoileanna-Col%C3%A1ist%C3%AD/Eolas/Curaclaim-agus-Siollabas/socruithe-measunachta-do-na-scruduithe-teastais-2021.pdf

 

Tá doiciméad CNCM 'Socruithe Athbhreithnithe chun Measúnuithe Rangbhunaithe a chur i gcrích le haghaidh cohóirt scoláirí 2018-2021 (scoláirí a bheidh sa Tríú Bliain 2020/2021) ar fáil ag:

https://ncca.ie/ga/resources/socruithe-athbhreithnithe-chun-measúnuithe-rangbhunaithe-a-chur-i-gcrích-le-haghaidh-cohóirt-scoláirí-2018-2021-scoláirí-a-bheidh-sa-tríú-bliain-in-20202021