Mata

Ceardlann FGL 2021/2022

Déanfar ábhar tacaíochta FGL Ábhair do na cnuaschruinnithe Eanáir-Márta 2022 a uaslódáil níos gaire don tréimhse FGL. 

Leabhrán

B'fhéidir gur mhaith le múinteoirí an leabhrán a ghabhann leis a phriontáil nó a íoslódáil roimh an imeacht FGL cnuasaigh ar líne.Tá dhá leagan den leabhrán curtha ar fáil san alt seo.

 

Le haghaidh cóip chrua den leabhrán moltar an leagan PDF den leabhrán a phriontáil.

 

Le haghaidh cóip dhigiteach den leabhrán moltar an leagan Word den leabhrán a íoslódái.

Measúnú agus Aiseolas leanúnach

Sa rannóg seo gheobhaidh tú ábhair agus acmhainní FGL a chabhraíonn le múinteoirí agus iad ag plé le Measúnú Leanúnach agus le hAiseolas do Mhatamaitic na Sraithe Sóisearaí.

 

Scrúdaítear sa seisiún cuir chuige éagsúla a úsáideann múinteoirí chun cabhrú lena scoláirí trí mheasúnú leanúnach agus aiseolas foirmitheach.

Don seisiún seo b'fhiú do mhúinteoirí breathnú ar na hacmhainní a fhaightear anseo, a chuir múinteoir san Oirdheisceart ar fáil dúinn, chun cuir chuige i leith Measúnú Leanúnach agus Aiseolas Foirmitheach a bhreithniú.

Oscail gach acmhainn ag úsáid an chnaipe 'Cliceáil chun amharc nó íoslódáil'

Meon Táirgiúil agus Inspreagadh Scoláirí

Scrúdaítear sa seisiún seo na buntáistí agus na dúshláin a bhaineann le meon táirgiúil agus inspreagadh scoláirí a chur chun cinn i matamaitic na Sraithe Sóisearaí.

Don seisiún seo níor mhiste do mhúinteoirí dul i ngleic leis na hacmhainní atá le fáil anseo. Scrúdaíonn gach ceann de na hacmhainní na buntáistí agus na dúshláin a bhaineann le meon táirgiúil agus inspreagadh scoláirí a chur chun cinn.

Matamaitic agus na Príomhscileanna

Breithnítear sa seisiún seo conas is féidir na Príomhscileanna don tSraith Shóisearach a fhorbairt trí dhul i ngleic le Sonraíocht Mhatamaitice na Sraithe Sóisearaí.

 

Machnóidh múinteoirí ar na Príomhscileanna don tSraith Shóisearach a ghníomhachtú trí na heispéiris foghlama a bhíonn ag scoláirí sa seomra matamaitice.